Tá lá codlata againn inniu agus taimíd ag bailiú airgead don carthanacht IMNDA i mbliana. We have our pyjama day today and this year we are collecting money for Motor Neuron, IMNDA.
Monthly Archives: December 2015
Míle buíochas do na scoláirí agus tuistí uilig. Tá muid an chorraithe ag an gcinealtás agus an bhflaithiúlacht a léirigh sibh le linn ár achsinní chun boscaí nollag a bhailíu ar mhaite le daoine gan dídean i nGaillimh. Gabhaimid buíocha só chroí libh agus guimid beannachtaí na féile oraibh. ó […]
Bhí rang múinteoir Maria (naíonáin bheaga) chomh bródúil as a gcuid dathú gur chrochamar ar an gclár bán iad: Féach ar ár bpitseámaí áille!
Chruthaigh rang Múinteoir Maria a mbabhlaí cré féin an tseachtain seo caite. Ansin, phéinteálamar iad ar maidin. Tá gealra draíochta orthu chomh maith! Níl aon dá cheann mar an gcéanna:
Tháinig Andrea ó Ghael Linn ar cuairt chuig Gaelscoil Riabhach an tseachtain seo caite. Labhair sí leis an gcoiste le fáil amach céard a bhí ar siúl againn an bhliain seo caite. Bhí daltaí an choiste thar cionn ar fad ag caint léi. Mhínigh siad an méid oibre a bhí […]
Bhí cócaireacht ar siúl i rang Múinteoir Maria inniu. Bhí na naíonáin bheaga thar cionn ag comhoibriú lena chéile chun na poist seo a leanas a dhéanamh: cásanna a leagadh amach; seacláid a bhriseadh suas; an mhicreathonn a chur ar siúl; brioscáin ríse a mheascadh le seacláid; an meascán a […]
Mar chuid d’ár gcuid oibre ar an Brat Glas, ghlac na Naíonáin Mhóra páirt sa bhfíseán iontach seo a thaispeánfar ag an gCruinniú Mullaigh Aeráide! Maith sibh Rang M. Caroline! As part of our work on our next Green Flag, our Naíonáin Mhóra took part in this fantastic video which […]
Ar fhaitíos nár chuala sibh… Bhuaigh muid an dara duais sa chomórtas físeán Eolaíochta “Reel Life Science”! Bhí os cionn 120 físeán ó scoileanna ar fud na tíre san áireamh, mar sin b’éacht mór é! Taispeánadh ár bhfíseán leis na buaiteoirí eile in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ag an bhFéile […]
San Eolaíocht an tseachtain seo, bhí muid ag foghlaim faoi Teas. D’úsáid muid an méid a d’fhoghlaim muid chun fuarán uisce a dhéanamh – brúnn an t-aer te an t-uisce amach as barr an bhuidéil!