Tháinig Andrea ó Ghael Linn ar cuairt chuig Gaelscoil Riabhach an tseachtain seo caite. Labhair sí leis an gcoiste le fáil amach céard a bhí ar siúl againn an bhliain seo caite. Bhí daltaí an choiste thar cionn ar fad ag caint léi. Mhínigh siad an méid oibre a bhí ar siúl agus go rabhamar sa ‘Connacht Tribune’ mar gheall ar ‘Aíonna Aibreáin’ chomh maith. Thugamar ár leabhar gearrthóg di agus bhí sí an-tógtha leis. Tá teastas bainte amach againn don bhliain seo caite agus táimid ag súil leis an mbratach a fháil i 2016. Gaelscoil Riabhach abú!
