Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Brioscáin ríse seacláide le do thoil…

Bhí cócaireacht ar siúl i rang Múinteoir Maria inniu. Bhí na naíonáin bheaga thar cionn ag comhoibriú lena chéile chun na poist seo a leanas a dhéanamh:

  • cásanna a leagadh amach;
  • seacláid a bhriseadh suas;
  • an mhicreathonn a chur ar siúl;
  • brioscáin ríse a mheascadh le seacláid;
  • an meascán a chur isteach sna cásanna.

Ghlac gach uile dhuine páirte agus chuir gach duine a m(h)eascán féin isteach ina c(h)ás féin. Maith sibh féin, naíonáin bheaga — comhoibriú den scoth, mar is gnáth.

Ag leagadh amach na cásanna.
Ag leagadh amach na cásanna.
Ag meascadh na seacláide leis na brioscáin ríse.
Ag meascadh na seacláide leis na brioscáin ríse.
An bhfeiceann tú an sneachta draíochta ar na brioscáin ríse seacláide?
An bhfeiceann tú an sneachta draíochta ar na brioscáin ríse seacláide?
Cailín sa rang ag cur an meascán ina cás féin.
Cailín sa rang ag cur an meascán ina cás féin.

One thought on “Brioscáin ríse seacláide le do thoil…”

Comments are closed.

Discover more from Gaelscoil Riabhach

Subscribe now to keep reading and get access to the full archive.

Continue reading