Tá Gaelscoil Riabhach ag obair don Brat Glas i mbliana. An téama ná bruascar agus drámhail. Thosaigh muid le suirbhé bruascar uile scoile. Roinn muid suas an scoil agus an chlós. I rang a dó rith muid thart ag lorg bruascar agus sheas muid lena píosaí nuair a tháinig muid […]
Brat Glas
Bhí siopa babhtála againn i rang a haon. Thóg páistí sa rang bréagáin, leabhair agus earraí eile isteach a bhí fós ar ardchaighdeán ach nach raibh uathu a thuilleadh. Bhí go leor foghlama ag baint leis seo. D’fhoghlaimíomar gur féidir earraí deasa a ath-úsáid. D’fhoghlaíomar conas airgead a chomhaireamh agus […]
Ar lá geal i mí na Samhna d’oibrigh Rang 2 le Rang 5 chun bléibíní agus crainnte óga a cur i ngairdín na scoile. Ag tnúth go mór leis an t-earrach!
D’éirigh an-mhaith leis an siopa babhtála i rang a haon i mbliana. Míle buíochas leis na tuimitheoirí a sheol isteach go leor rudaí a díoladh sa siopa. Chuaigh gach páiste abhaile le rud éigin nua dóibh an lá sin agus ní raibh ar aon duine rud ar bith a cheannach […]
Rinne na páistí cultacha iontacha déanta as rudaí athchúrsáilte sa bhaile. Thug siad isteach iad ar an Aoine agus bhí seó faisin againn leis an scoil ar fad sa halla! Nach bhfuil siad ag breathnú go hálainn!
Tá muid ag obair ar tógáil faoi láthair. Comh maith le sin táimid ag foghlaim faoi comharthaí an fhómhair. Bhaineamar an taitneamh as foraois a cruthú – a léitheid d’éagsúlacht!
Chuir na gasúir síolta biolair an Luan seo caite agus féach orthu anois! Is féidir le síolta biolair fás gan ithir ach tá solas na gréine agus uisce ag teastáil uatha. Chuireamar na síolta in olann chadáis. Táimid ag súil go mór leis an mbiolar a chur inár gceapairí.
D’fhoglaimíomar faoin tábhacht a bhaineann le hathchúrsáil agus le hathúsáid. Léigh cailín sa rang faoi shiopa babhtála agus í ag léamh ar scoil. Mar sin, thóg cuid againn rudaí nach raibh ag teastáil uainn a thuilleadh isteach ar scoil. Chuireamar ‘siopa’ ranga le chéile agus ar ndóigh, bhí siopadóirí den […]
Chonaic muid éan neamh-choitianta i rith na seachtaine – an ghealóg ghiolcaí. Freisin, thit cuid de na beathadáin mar gheall ar an ngaoth láidir. Ach níor stop sin an spideog seo ag teacht ar cuairt!