D’fhoglaimíomar faoin tábhacht a bhaineann le hathchúrsáil agus le hathúsáid. Léigh cailín sa rang faoi shiopa babhtála agus í ag léamh ar scoil. Mar sin, thóg cuid againn rudaí nach raibh ag teastáil uainn a thuilleadh isteach ar scoil. Chuireamar ‘siopa’ ranga le chéile agus ar ndóigh, bhí siopadóirí den scoth againn. Ní raibh áireamhán le feiceáil áit ar bith, ach an oiread! Tá go leor rudaí ‘nua’ againn anois agus ní raibh ar aon duine fíor-airgead a chaitheamh nó rud ar bith a chaitheamh sa bhruscar ach an oiread! Maith sibh féin, rang a trí!:
You may also like
Tháinig éan nua chugainn inniu – an Meantán Mór! Tá cloigeann dubh aige le leicne bána, bolg buí, le stríoc dhubh síos […]
An tseachtain seo rinne muid obair ar fórsaí. Bhí muid ag foghlaim faoi an chaoi go bhfuil pointe cothromaíocht ag gach rud. […]
Fuair Rang a 4 scéal iontach i nGaillimh ar an Domhnach – bhuaigh muid an chéad duais sa chomórtas Reel Life Science! […]
Seo cúpla pictiúr eile ón bhFéile Eolaíochta i nGaillimh ag an deireadh seachtaine – buíochas le Enda O’Connell ó Reel Life Science […]



