Beidh Seachtain na hEolaíochta ar siúl an tseachtain seo chugainn. An tseachtain seo tá muid ag foghlaim faoin ngrianchóras agus na pláinéad. Tá Iúpatar le feiceáil sa spéir gach oíche an gheimhreadh seo- anocht, ta sé díreach in aice leis an ngealach. Breathnaíonn sé cosúil le réalta an-gheal. Le […]
Imeachtaí Speisialta
Toghadh coiste nua le déanaí chun a bheith mar urlabhraí (mar ghuth) do dhaltaí uilig na scoile. Beidh siad ag cruinniú le Múinteoir Pól go rialta agus ag bualadh leis an mBord Bainistíochta nua nuair atá siadsan tofa. Seo a leanas na céad jabanna atá os gcomhair an choiste: Plean […]
Úsáidtear ulóga chun obair a dhéanamh níos éasca agus tá siad le feiceáil timpeall orainn. Rinne Rang a Sé turgnaimh chun na fórsaí éagsúla le ulóga éagsúla a thomhas. D’oibrigh muid amach má bhíonn ulóg in úsáid chun fórsa 100g a ardú nach gá ach thart ar 50g a úsáid […]
Feic leathanach ‘Páistí’ thuas chun pictiúir a fheiceáil de na buaiteoirí sna comórtais éagsúla!! (See ‘Páistí’ page for pics)
Comhghairdeas le gach uile duine a bhí páirteach leis an Seó Samhna.. d’éirigh thar barr libh agus ba léir gur bhain gach duine an-sult as gach uile rud ar stáitse. An Míol Mór- Rang 2&3 Cór na Scoile- Rang 4&5 Billí an Bus- Naíonáin Mhóra Rama & Sita- Rang 4
Cuireadh coirm ar siúl ag cór Ghaelscoil Riabhach mar chuid de Sheachtain Choimsiú Shoisíalta agus bhí cuairteoirí i láthair ann Ionad Lae na Seacht Fuaráin agus ó thuismitheoirí ón Lucht Siúil. Bhain chuile dhuine sásamh as an seó beag agus tá muid chun nascanna scoile a chothú le na grúpaí […]
Tá muid ar fad an-bhródúil as an mblag agus an suímh scoile, mar sin tá muid ag glacadh páirte sa gcomórtas “Junior Spiders” don bhlag scoile is fearr! Is féidir leat cabhrú linn – ní gá ach leanúint ar aghaidh ag léamh an blag, ag éisteacht lenár bpodchraolta Raidió Riabhach agus ag […]
Is breá linn a bheith ag imirt “Timpeall an Domhain”. Sa gcluiche seo cuireann Múinteoir Brian ceist ar bheirt ar nós “5 + 7”, “8 + 6” agus mar sin. Tá an bua ag an duine is tapúla leis an bhfreagra. Leanann sé nó sí ar aghaidh go dtí an chéad […]
D’imir Rang 4&5 Biongó na gCodán inniu. Chabhraigh na codáin choibhéiseacha go mór linn sa chluiche!
Tá Seachtain Mhata 2011 faoi lánseol. D’imir Rang 4&5 cluiche Mata ar maidin. Thosaigh gach grúpa le 24 cipín aguus bhí orthu cipíní a bhaint chun cruthanna éagsúla a chruthú. Mar shampla- bhain na buachaillí seo 8 gcipín chun 3 chearnóg a chruthú.. An féidir leat na cearnóga a […]