Chuir muid ceist ar na páistí a gcuid smaointí a thabhairt dúinn chun lógó do Raidió Riabhach a dhear. Tháinig siad suas le roinnt lógónna iontacha! Chuir muid cúpla smaoineamh ó lógónna a rinne Caron (R6), Emmet (R3) agus Antaine (R3) le chéile. Maith sibh, agus go raibh maith agaibh ar fad […]
Imeachtaí Speisialta
Lá an-mhór a bhí ann inniu i nGaelscoil Riabhch leis na daltaí ag caitheamh vótaí chun a n-ionadaithe a roghnú ar Choiste na nDaltaí. Rinne na hiarrthóirí óráidí os gcomhair na n-ardranganna ar fad chun a smaointe a roinnt leo. Bhí neart smaointe acu, ó luascáin sna clóis agus laethanta […]
Chaith Rang a Sé am an tseachtain seo caite ag deanamh iniúchadh ar ulóga agus fórsaí. Beidh tuilleadh thurgnamh idir lámha againn roimh na Samhna.
Seo thuas na buaiteoirí ón scoil sa gcomórtas filíochta Baffle. Beidh duaiseanna bronnta Déardaoin i mBácas Hopes ag 4.30. Maith Sibh
Éistigí le na hagallaimh ar an bpodchraoladh is déanaí uaidh Raidió Riabhach agus freagair na ceisteanna thíos. Má chliceálann tú ar ‘responses’ thíos is féidir na freagairí agus d’ainm a sheoladh isteach chugainn. Beidh duais ag Múinteoir Pól do na hiontrálaithe is fearr. Chomh maith le sin, beidh tuilleadh duaiseanna […]
Thóg na Naíonáin Bheaga griangraf inné d’uibheacha atá i ndiaidh oscailt sa ghairdín. Chonaic rang Múinteoir Brian féileachán sa ghairdín cupla seachtain ó shin agus caithfidh gur í a chuir na huibheacha ar an gcabáiste. Anois tá na huibheacha oscailte agus na péisteanna chabáiste ag ithe na duilleoige. Coinnígí súil […]
An tseachtain seo chuir muid síólta chun píseanna milse a fhás. Tá súil againn go mbeidh siad ann i ndiaidh na Cásca.
Tá muid tar éis a lán a dhéanamh le timpeallacht na scoile i mbliana. Tá áiteanna fiáine d’fheithidí agus mionbheithigh, chomh maith leis na crainn dúchasacha a bhí againn cheanna. Anois tá áit nua do chuile rang i gcomhair glasraí agus plandaí eile. Chuir muid roinnt síolta ar an Aoine. […]
Bhí muid ar fad ag breathnú ar an mórshiúil le haghaidh na féile. Rinne na Naíonáin Bheaga comhdháil ghréasáin le scoil i Philadelphia, Meiriceá agus ghlac Rang a 3 agus Rang a 4 páirt sa pharáid. Seo roinnt phictiúir a tharraing na Naíonáin faoin lá mór.
Bhí an Scipeatón againn inné. Bhailigh muid a lán airgid le haghaidh Concern. Fuair muid beagnach €1,000 san iomlán. Ar an lá caithfidh ar a laghaid duine amháin a bheith ag scipeáil i gcónaí. An bhliain seo chaite rinne muid é ach thug muid an t-airgead do Haven, carthanacht a bhí […]