Bhí an-chraic ann idir Rang 2 agus Rang 6 ar feadh tréimhse 6 seachtain roimh an Nollag. Bhuaileamar le chéile uair sa seachtain sa leabharlann scoile chun leabhair álainn Gaeilge a roinnt agus chun aithne a cur ar a chéile ag an am céanna. Bhaineamar an méid sin taitneamh as […]
Gaelbhratach
< /a> Bíonn cairde cuideachta ó ranganna níos sine ar chlós na naíonán. Cabhraíonn siad leis na naíonáin cluichí a eagrú agus spreagrann siad iad Gaeilge a labhairt:
Is breá linn a bheith ag obair le chéile i rang a haon. Tosaíonn ár gceachtanna Béarla le comhráite lena chéile faoi go leor rudaí éagsúla. An tseachtain seo caite, d’insíomar dá chéile faoin mbréagán is fearr linn agus rinneamar cur síos cruinn air i mBéarla: Bhí an-am againn ag […]
Bhain rang a haon an-taitneamh as Lá na Seanóirí i mbliana. Bhí sé suimiúil foghlaim faoi na hathruithe a tháinig ar an gcóras scoile agus gaeilge a labhairt leo. Bhíomar an-bhuíoch gur tháinig an oiread sin cuairteoirí chugainn:
Tháinig fear thar a bheith spéisiúl chugainn mar aoi Aibreáin. Tá dúil ag Pat Sweeney i nádúr, crainnte, ealaíon agus go leor rudaí eile. Thaispeáin sé roinnt plandaí spéisiúla dúinn agus d’fhoghlaimear faoi na síolta agus an chaoi a fhásann siad. Ansin thaispeáin sé chuid d’á ealaíon féin againn idir […]
D’fhoghlaimid go leor le déanaí maidir le pailneoirí agus an tábhacht a bhaineann leo d’ár dúlra agus d’ár saol. D’oibrigh muid le chéile chun póstaer a cruthú le chéile do chomórtas Bailta Slachtmara Baile Locha Riach. Tá muid thar a bheith bródúil as.
Bhí Aoí Aibreáin álainn agus suimiúil i nGaelscoil Riabhach inniu. Tháinig eagarthóir BLOC ar TG4, Caroline Ní Dhubhchoin, ar cuairt chugainn mar chuid d’Aíonna Aibreáin. Tá go leor taithí ag Caroline. Bhí sé an-shuimiúil foghlaim faoina post reatha, a cuid taithí aisteoireachta agus na poist éagsúla a thug sí faoi. […]
Ba mhór an phribhléid í do rang a haon nuair a tháinig an cumadóir agus an ceoltóir, Máire Ní Dhuibhir, ar cuairt chugainn inné mar chuid d’Aíonna Aibreáin 2019. Bhain na daltaí an-taitneamh as an gcuairt. D’fhoghlaim siad dhá amhrán nua agus chuir siad go leor ceisteanna ar Mháire faoina […]
Bhí slua mór millteach in Óstán Bhóthar na Trá ar maidin do shearmanas Scríobh Leabhar 2019. Ghlac naíonáin mhóra, rang a haon, rang a dó, rang a trí, rang a ceathair, rang a cúig agus rang a sé páirt i mbliana! Bhí ard-chaighdeán scríbhneoireachta le léamh ar fud na scoile […]
Bhí an-lá go deo againn i rang a haon i nGaelscoil Riabhach nuair a bhí an seó faisin ar siúl! Nach ealaíonta agus álainn iad na héadaí a cruthaíodh as dramhaíl!