Tá ag éirí thar cionn leis na beathadáin, agus inniu tháinig éan nua dúinn arís – Píobaire!(Siskin) Tá dathanna álainn orthu, mar a fheictear sa bpictiúir seo a ghlac muid ón bhfuinneog. Is breá linn freisin an pictiúir seo a ghlac muid an tseachtain seo caite, cúpla Lasair Choille ag […]
Eolaíocht agus Matamaitic
Mar gheall ar an aimsir fhuar tá muid cráite ag na héin ag teacht chugainn i rith an lae! Inniu tháinig éan nua mistéireach nach bhfuil aithne againn air go fóill. Cárta Glas d’éinne atá in ann é a ainmniú i gceart! (Téigh go http://www.birdwatchireland.ie chun liosta agus pictiúir d’éanlaith […]
Féach ar na pictiúir a ghlac muid – Look at the pictures we took of the birds outside our window! Tá na héin ag teacht chuile lá anois agus tá muid ag breacadh síos an t-am, an speiceas agus fiú an beathadán is fearr leo! Tagann na Corcráin Coille go […]
Inniu tháinig trí Chorcrán Coille in aice leis an bhfuinneog ar maidin – péire fireannach agus ceann amháin baineannach. Tá muid in ann an difríocht a fheiceáil go éasca mar gheall ar na dathanna. Tagann siad chuile lá thart ag an am céanna – idir 9r.n. agus 10r.n. Níor bhac […]
Chonaic muid dhá Chorcrán Coille fireannach taobh amuigh. Bhí orainn stop a chur leis an scrúdú litrithe! Ghlac muid pictiúir de cheann acu sular imigh siad.
Tá muid ag déanamh beathadáin chun na héin a mhealladh. Cuirfidh muid cúpla ceann eile suas taobh amuigh den seomra go luath. Inniu tháinig Lasair Choille agus thuirling sé taobh amuigh, ach d’imigh sé sular ghlac muid pictiúir! Tá muid in ann a lán éin a aithint anois. Tá súil […]
An Déardaoin seo beidh na hardranganna ag triall ar Bhaile Átha Cliath. Tabharfaidh siad cuairt ar Thaipeántas na n-Eolaí Óg. Beidh siad ag bualadh isteach ar an Gurdbhara Náisiúnta freisin. Is teampall é do phobal Saícigh na hÉireann. Chomh maith le sin beidh muid ag dul chomh fada leis […]