Féach ar na pictiúir a ghlac muid – Look at the pictures we took of the birds outside our window!
Tá na héin ag teacht chuile lá anois agus tá muid ag breacadh síos an t-am, an speiceas agus fiú an beathadán is fearr leo! Tagann na Corcráin Coille go minic, ach is fearr leo na plandaí seo ná na beathadáin…

Bíonn Meantán Mór ag teacht go minic. Is breá leo an beathadán mór leis na píseanna talún (peanuts).

Le déanaí, tá Meantán Gorm ag teacht freisin!

Ar an Aoine, tháinig éan eile. D’imigh sé go sciobtha agus seo é an pictiúir is fearr a fuair muid. Ceapann muid gur Meantán Dubh é, éan nua dúinn! Chuaigh sé go dtí beathadán eile, le síolta ann. Má thagann sé ar ais gheobhaidh muid pictiúir eile le bheith cinnte an Meantán Dubh é!

8 thoughts on “Meantán Gorm, Meantán Mór, Meantán Dubh?”
is maith liom na héin
Is maith liom an meantan gorm!:):):):):):):)
Chonaic mé c.coille sa gairdín innié
is brea loim an mantán gorm tá sé an deas
Is breá liom an mantán gorm mar tá na dathanna an deas.;):):):):P.colm
Mar a tharla, is Meantán Dubh é an tríú éan sin. Tháinig sé ar ais cúpla lá níos déanaí agus fuair muid pictiúir níos fearr.
‘sé an meantán gorm an t-éan is fearr
ní hé an meantán gorm an t-éan is fearr liom ach gach ceann. :)!