Tá muid ag foghlaim faoi na héin ar fad a bhíonn i ngairdín na scoile. Cuirfidh muid beathadáin éan suas gar don fhuinneog chun iad a mhealladh agus chun nótaí a ghlacadh. Chomh luath is a thosaigh muid ag caint faoi na héin, tháinig an t-éan seo agus thuirling sé […]
Eolaíocht agus Matamaitic
Bhí muid ag foghlaim faoinár gcuid ainmhithe dúchasacha in Éirinn. Rinne muid an “eochar” seo chun ainmhithe na hÉireann a ghrúpáil mar mhamaigh, feithidí, éin, amfaibigh reiptílí agus mar sin. Tosaíonn tú ag an mbarr le “Cé mhéad cos/ géag (limb) atá air?” agus leanann tú na saigheada agus tú […]
D’fhás na síolta biolair (cress-seeds) a chur muid an tseachtain seo caite. Fásann biolar go tapa, agus i dtreo an tsolais. Rinne muid turgnamh beag chun é sin a thaispeáint. Bhí na plandaí ag díriú i dtreo na fuinneoige ar maidin sa chéad pictiúir. Chas muid timpeall iad ionas go […]
http://www.galwayscience.eventbrite.com/ Dé Domhnaigh seo chugainn beidh an t-imeacht seo thuas ar siúl. Is fiú go mó cuairt a thabhairt air. Next Sunday sees the Galway Science Festival taking place. Info on link above. It is well worth a visit.
Seachtain na hEolaíochta atá ann agus tá neart imeachtaí eolaíochta ar siúl timpeall na scoile. Chuir muid síolta inniu. Ach níl siad ar fad mar an gcéanna. Tá roinnt síolta gan uisce, síolta gan solas, síolta gan teas (sa gcuisneoir!) agus síolta gan chré fiú (ar pháipéar). Meas tú céard […]
Beidh Seachtain na hEolaíochta ar siúl an tseachtain seo chugainn. An tseachtain seo tá muid ag foghlaim faoin ngrianchóras agus na pláinéad. Tá Iúpatar le feiceáil sa spéir gach oíche an gheimhreadh seo- anocht, ta sé díreach in aice leis an ngealach. Breathnaíonn sé cosúil le réalta an-gheal. Le […]