Bhí muid ag foghlaim faoinár gcuid ainmhithe dúchasacha in Éirinn. Rinne muid an “eochar” seo chun ainmhithe na hÉireann a ghrúpáil mar mhamaigh, feithidí, éin, amfaibigh reiptílí agus mar sin. Tosaíonn tú ag an mbarr le “Cé mhéad cos/ géag (limb) atá air?” agus leanann tú na saigheada agus tú ag freagairt na gceisteanna. An féidir leat é a leanúint?
An bhfuil tú ábalta na hainmhithe seo a chur sa ghrúpa ceart? A) Sionnach; B) Seilide; C) Spideog?

2 thoughts on “Grúpaí d’ainmhithe”
A)Sionnach:Ce mhead cos/geag ata air? ta ceithre chos ar shionnach.
An mbeireann siad uibheacha? ni bheireann sionnach uibheacha.
Is mamach e an sionnach!
B)Seilide; Ce mhéad cos/geag ata air? níl aon chos ar sheilide.
Is mionainmhi e an seilide!
C) Spideog : Ce mhead cos/geag ata air? ta ceithre ghéag ar spideog.
An mbeireann siad uibheacha?
beireann.
Is ean e an spideog!
slan!:)
A)Is Mamach é an sionnach
B)Is Mionanmhí é an seilde
C)Is éan é an spideog
😛