Beannachtaí na Nollag agus Athbhliain faoi mhaise daoibh go léir – páistí, tuismitheoirí, cairde, ár gcairde Comenius – ó chuile duine ar Raidió Riabhach! [media id=17 height=20]
Daily Archives: December 21, 2011
Chun eolas a fháil faoi chlárúcháin i nGaelscoil Riabhach, cliceáil anseo. To find out about enrolling your child at Gaelscoil Riabhach, click here.
Inniu an lá is giorra den bhliain (agus an-dorcha leis!) Mar sin tháinig na Naíonáin chun ár bpluais Clochaoise a fheiceáil. Chuir muid as na soilse agus dhún muid na dallóga ionas go mbeadh sé dorcha, agus d’úsáid muid toirse chun na pictiúir a fheiceáil cosúil le fíor-phluais!
Bhí muid ag déanamh “monaiphriontaí” – ag tarraingt pictiúir i ndúch agus ag priontáil leo. Breathnaíonn na pictiúir go hálainn!
Bhí muid ag foghlaim faoinár gcuid ainmhithe dúchasacha in Éirinn. Rinne muid an “eochar” seo chun ainmhithe na hÉireann a ghrúpáil mar mhamaigh, feithidí, éin, amfaibigh reiptílí agus mar sin. Tosaíonn tú ag an mbarr le “Cé mhéad cos/ géag (limb) atá air?” agus leanann tú na saigheada agus tú […]