Ar an lá is giorra den bhliain (an 21ú Mí na Nollag) gléasann muid suas inár gcuid éadaí codlata – ceann d’ár gcuid traidisiúin i nGaelscoil Riabhach!
Yearly Archives: 2011
Beannachtaí na Nollag agus Athbhliain faoi mhaise daoibh go léir – páistí, tuismitheoirí, cairde, ár gcairde Comenius – ó chuile duine ar Raidió Riabhach! [media id=17 height=20]
Chun eolas a fháil faoi chlárúcháin i nGaelscoil Riabhach, cliceáil anseo. To find out about enrolling your child at Gaelscoil Riabhach, click here.
Inniu an lá is giorra den bhliain (agus an-dorcha leis!) Mar sin tháinig na Naíonáin chun ár bpluais Clochaoise a fheiceáil. Chuir muid as na soilse agus dhún muid na dallóga ionas go mbeadh sé dorcha, agus d’úsáid muid toirse chun na pictiúir a fheiceáil cosúil le fíor-phluais!
Bhí muid ag déanamh “monaiphriontaí” – ag tarraingt pictiúir i ndúch agus ag priontáil leo. Breathnaíonn na pictiúir go hálainn!
Bhí muid ag foghlaim faoinár gcuid ainmhithe dúchasacha in Éirinn. Rinne muid an “eochar” seo chun ainmhithe na hÉireann a ghrúpáil mar mhamaigh, feithidí, éin, amfaibigh reiptílí agus mar sin. Tosaíonn tú ag an mbarr le “Cé mhéad cos/ géag (limb) atá air?” agus leanann tú na saigheada agus tú […]
Rinne muid fir sneachta le déanaí. D’usáid muid páipéar daite chun iad a dhathú isteach agus bhain muid úsáid as olann cadás chun sneachta a dhéanadh.
Bhíomar ag bácáil inniu. Rinne muid brioscaí sinséar bhain muid usáid as plúr, ubh, siúcra, im agus sinséar chun iad a dhéanadh. Bhain muid usáid as go leor cruthanna eagsúil freisin. Bhí an – spraoi againn.
Tháinig TG4 isteach chun labhairt linn faoin scoil nua. Tháinig siad go dtí ár seomra chun taifead a dhéanamh orainn ag canadh! Chas muid amhrán deas don gheimhreadh, “Sneachta agus Sioc”. Tá muid ar bís!
Buaileann Gaelscoil Riabhach agus Hollywood lena chéile ar an dteilifís! Nuacht TV3 Cé go bhfuil an X-Factor thart, níor chuala muid é sin i nGaelscoil Riabhach! Féachaigí ar an bhfístéip seo – an aithiníonn sibh aon duine, n’fheadar?