http://galwayhospice.com/photo-gallery/gaelscoil-riabhach-loughrea/ Seo nasc faoin bhailiúchán a rinne Coiste na nDaltaí anuraidh. Bhailigh muid airgead do Haiti freisin. Aon smaointe don bhliain seo? Postáil iad.
Yearly Archives: 2011
‘An tEarrach‘ le Rebecca RIII An tEarrach atá ann. An chéad lá de mhí Feabhra. Lá Fhéile Bríde. Bíonn drúcht ar an bhféar nuair a eirím ar maidin. Is aoibheann liom an drúcht – tús maith leath na hoibre! Fásann bláthanna i rith an Earraigh- is breá liom an boladh! […]
Ghlac muid páirt i dTionóil na Scoile le déanaí. Rinneamar an-staidéar go deo ar chultúr na Síne agus, chomh maith le sin, d’fhoghlaim muid amhrán sa Sínís! Beidh an Athbhliain Shíneach á cheiliúradh i mbliana ar an 3 Feabhra 2011. Is é bliain an choinín a bheidh á cheiliúradh idir […]
Bronnadh teastais ar na gasúir thuas mar gheall ar an iarracht atá déanta acu Gaeilge a labhairt ar scoil. I rith mí Feabhra beidh teastais á bronnadh againn gach seachtain. Beidh muid ag coinneáil súile ar an gcéad ‘Botún is Mó’. (‘Sé Caoimhín an Rí, ‘Sí Laura an Rí, ‘Sé […]
Bhain RIII agus RIV úsaid as chipíní líreacáin le déanaí, chun róbat a thógáil! Tá súil againn nach gcuireann siad an iomarca scanradh oraibh!!
Tá an tEarrach ag teacht. Chonaic na Naíonáin Bheaga lus an chrom chinn (daffodils) ag gobadh aníos ón ithir. Chomh maith le sin tá muid ag coinneáil súile ar an ngoradán. Beidh sicíní againn i gceann cupla seachtaine.
Ar 20/1/11 chuir muid goradán (meaisín chun uibheacha a choinneáil te) ar súil in aice leis an oifig. Chuir muid cúpla ubh circe isteach. Ar an 9/2/11 tá súil againn go dtosóidh na sicíní beaga ag teacht amach! Malachaí, R6
Tá muid ar ais ar scoil, agus tá muid sásta! Huiréé! Bhí an aimsir go dona thar na Nollag, ach fuair muid a lán bronntanais ó Dhaidí na Nollag! Le Seán, R6.