Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Bliain an choinín: Athbhliain Shíneach!

Ghlac muid páirt i dTionóil na Scoile le déanaí. Rinneamar an-staidéar go deo ar chultúr na Síne agus, chomh maith le sin, d’fhoghlaim muid amhrán sa Sínís!

Beidh an Athbhliain Shíneach á cheiliúradh i mbliana ar an 3 Feabhra 2011. Is é bliain an choinín a bheidh á cheiliúradh idir 3 Feabhra 2011 – 22 Eanáir 2012.

Is é féile na hAthbhliana an fhéile is tábhachtaí agus is faide i bhféilire Síneach na gealaí. Maireann an fhéile 15 lá agus críochnaíonn sé le Féile na Laindéar. I rith na féile maisítear fuinneoga agus dorais le maisiúcháin dhearga déanta as páipéar agus le véarsaíocht ar ábhar sonais, rachmais agus fad saoil.

Dá bhrí sin, Athbhliain faoi mhaise díobh uilig ó RIII agus RIV!

%d bloggers like this: