Seo cuid de na buaiteoirí a bhí ann in ár gcomórtas scríobhneoireachta. Tá siad anuas curtha ar aghaidh chuig an gcomórtas náisiúnta atá eagraithe ag Cumann na Múinteoirí Éirinn.
Yearly Archives: 2011
Fáilte go Bialann RIII/RIV – tá muid ar oscailt agus réidh bia blásta a ofráil daoibh! An bhfuil an céad Gordon Ramsey nó Nigella Lawson inár measc? Féachaigí ar na biacláracha seo!! Eet smakelijk! Bon appétit! iQué aproveche!
An Éigipt Ársa, le Eibhlín RIV Insan Éigipt, tá cathair Caireó I gceannas uirthi, bhí an Faró. Sa Phirimid, bíonn an faró ina luí, D’úsáid sé an Níl chun a chuid lámha a nigh. Thóg na sclábhaí an Phirimid ó bhun go barr, Tá an Faró ina shuaimhneas díreach sa […]
Ghlac na páistí ar fad páirt i gComórtas Ealaíona na gCluichí Pobail le déanaí. Bhí a lán buaiteoirí againn i nGaelscoil Riabhach le 9 as 30 bonn, níos mó boinn ná aon scoil eile sa gceantar! Bronnadh na boinn inniu. B’iad na páistí a bhuaigh boinn ná: Rhianne, Katie, Diarmaid, […]
Bhain muid an-thaitneamh as na sicíní a bheith linn ar scoil agus d’fhoghlam muid go leor faoi uibheacha agus saolré na gcearc. Go n-éirí leo i gConamara.
Ghlac Rang a Cúig agus Rang a Sé páirt i gcomórtas eitpheile in aghaidh scoil Naomh Íde agus scoil Naomh Breandáin. Rinne Rang a Cúig go hiontach agus bhuaigh siad an comórtas Rang a Cúig! Ach bhí mí-ádh ar Rang a Sé nuair a chaill siad le cúpla pointe sa […]
Bhí seachtain iontach ag an scoil ar fad mar gheall gur saolaíodh sicíní nua sa scoil. Sé Pól an t-ainm ar an gcéad sicín a tháinig amách. Ní fhaca a lán daoine na sicíní fós ach tá súil againn go mbainfidh siad taitneamh as. Rebekah + Claire, R5
Seo linn an chéad shicín ag teacht amach. Chuir sé/ sí scoilt sa bhlaosc thart ar a trí a chlog tráthnóna inniu. Beidh sé/sí linn ar maidin amárach, tá súil againn.
Ghlac muid páirt i gcomórtas eitpheile ar an Aoine. Chuir muid dhá fhoireann isteach ann. Ag an cluiche leath-cheannais bhuail an dá fhoireann lena chéile. Bhí an bua ag an bhfoireann gorm agus lean siad ar aghaidh go dtí cluiche ceannais an chontae. Sa gcluiche-ceannais chaill muid ar aon phointe […]