Is breá linn Eolaíocht! Rinne muid suirbhé ar lónta na bpáistí i rang 5 agus 6 thar dhá lá agus rinne muid Pirimid an Bhia leis an eolas a bhailigh muid – thug muid ceintiméadar amháin do gach píosa bia i ngach píosa den Phirimid. Mar a fheiceann tú, tá […]
Eolaíocht agus Matamaitic
Cailleadh Neil Armstrong le déanaí i Meiriceá. Ba é an chéad duine é a leag cos ar an nGealach riamh. In onóir dó agus dá chomghleacaithe Buzz Aldrin agus Michael Collins a chuaigh go dtí an Ghealach i mí Iúil 1969 in Apollo 11, rinne muid na pictiúir seo le […]
Chuaigh Rang 2 agus Rang 3 go dtí Caisleán Biorra chun an teileascóp mór agus an Musaem Eolaíochta a fheiceáil. Bhí sé thar cionn! Ansin chuaigh muid go dtí ionad eachtraíochta i Ros Cré. Bhí muid ag snámh agus ag déanamh bac-chúrsa sna liathróidí móra plaisteacha seo! Thaitin sé go […]
Bhí an Lá Eolaíochta ar siúl an tseachtain seo caite. Tháinig tuismitheoirí timpeall na ranganna ar fad chun ár gcuid oibre a fheiceáil. Seo roinnt de na rudaí a bhí ar siúl in ár seomra.
Bronnadh duais ‘Excellence in Science and Maths’ ar Ghaelscoil Riabhach le gairid. Baineadh an duais amach trí pháirt a ghlacadh i bhfeachtais éagsúla, trí thaifead a dhéanamh ar aimsir an Earraigh, trí chuairt a thabhairt ar Chaisleán Bhiorra agus Taispeántas na n-Eolaí Óga agus trí turgnaimh leanúnacha a bheith ar […]
Rinne Rang a Sé turgnaimh chun an leibhéal stáirse in earraí éagsúla a thomhas. Rinne siad an cuid is mó de na tástálacha ar bhia ach rinneadh roinnt ar earraí scoile ar nós pháipéar, ghliú, phéint agus pháipéar freisin. Ba spéisiúil na torthaí a bhí againn.
D’fhoghlaim muid a lán faoi fhórsaí le déanaí. Rinne muid turgnamh le domhantarraingt, ag taispeáint go dtiteann rudaí ar an luas céanna, is cuma cén meáchan atá acu (mar a rinne Galileo fadó!) Ansin, bhí muid ag foghlaim faoi bhrú aeir. Nuair a shéideann tú trasna ar bharr píosa páipéir […]
Tháinig cúig shicín amach ó na uibheacha aréir agus ceann eile i rith an lae inniu!! Faraor, tá ceann i ndiaidh teacht amach le cupla nóiméad anuas agus tá rud éicint cearr lena himlecán. Bhí muid ag caint leis an tréadlia agus ní cheaptar go mairfidh sé. Seo na hainmneacha […]
Míle buíochas do Ruairi agus Oisín a ghlac na pictiúir seo don bhfeachtas Greenwave. Síol froganna agus sabhaircíní atá iontu. Is i sléibhte Sliabh Eachtaí a ghlac siad na grianghraif. Téigí go http://www.greenwave.ie chun tuilleadh eolais a fháil. Anois i mí an Mhárta, bígí ag faire amach i gcomhair bachlóga […]
An tseachtain seo chaite cuireadh uibheacha toirchithe sa ghoradán scoile. Ní ithtear uibheacha mar seo, ithtear ubháin/ uibheacha nach bhfuil toircithe ag an gcoileach. Ar lá 1 tá sé deacair an siogót den shicín a fheiceáil ach ón 10ú lá ar aghaidh tá an sicín suthach éasca le feiceáil. Is […]