An tseachtain seo chaite cuireadh uibheacha toirchithe sa ghoradán scoile. Ní ithtear uibheacha mar seo, ithtear ubháin/ uibheacha nach bhfuil toircithe ag an gcoileach. Ar lá 1 tá sé deacair an siogót den shicín a fheiceáil ach ón 10ú lá ar aghaidh tá an sicín suthach éasca le feiceáil. Is dóigh inniu go bhfuil na sicíní óga thart ar lá 10….ach ní tréadlianna muid…mar sin ní mór dúinn súil ghéar a choinneáil orthu. Is féidir le gach éinne cuairt a thabhairt ar na huibheacha lasmuigh den oifig…ach gan mórán torann a dhéanamh!! Ní maith le na sicíní shuthacha é
Foclóir:
Ubháin: Ova/ Ovum – ubh nach bhfuil toirchithe
Toirchithe: fertilized
coileach: rooster/ cock
siogót: zygote (an cillín beag as a fhásann an sicín)
suth: embryo (an sicín san ubh)