Is rang thar a bheith ealaíonta é rang a dó. Tharraingíomar pictiúir bunaithe ar ‘An Teach a D’fhás.’ Chruthaíomar dearthaí roimh ré agus is féidir iad a fheiceáil má fhéachtar go cúramach ar na pictiúir. [Visual art in second class] Second class is an extremely artistic class. We drew pictures […]
2021/2022
Bhí an t-ádh linn leis an aimsir le déanaí agus d’éirigh le Rang 4 dul síos go dtí Na Siúlóidí (The Walks) le déanaí chun roinnt rudaí nádúrtha spéisiúla a imscrúdú agus a bhailiú. D’úsáideamar iad mar spreagadh dár gceacht ealaíne. Nuair nach mbíonn an aimsir linn, is iontach an […]
Bhí Seachtain na Matamaitice ar siúl ar fud na tíre le déanaí. Ghlac Rang a Ceathair páirt i gcluiche/cómórtas spraíúil a bhí ar siúl gach lá: sprioc-chlár an lae. Tugadh spriocuimhir do na páistí agus bhí orthu teacht suas leis an oiread bealaigh agus ab fhéidir leo an spriocuimhir a […]
Bímid ag cur lenár straitéisí drámaíochta go minic. Chuireamar ‘íomhánna reoite’ le chéile i ngrúpaí beaga. Chabhraigh an próiséas seo linn comhdhiriú a fhorbairt, ár samhlaíochta a úsáid agus comhoibriú le páistí eile. An féidir leat oibriú amach cad atá ar siúl sna híomhánna thíos?
Chuireamar radharcanna drámatúla le chéile i ngrúpaí beaga. Bíonn ceacht drámaíochta againn gach seachtain. Cabhraíonn drámaíocht go mór linn comhoibriú le páistí eile, Gaeilge a chleachtadh i suíomh spraíúil agus scileanna drámatúla a fhorbairt.
D’fhoghlaimíomar faoi chróineolaíocht i scéalta. D’aimsíomar tús, lár agus deireadh i go leor scéalta. Ansin, chruthaíomhar ár scéalta féin i ngrúpaí agus rinneamar cur i láthair faoi na scéalta os comhair an ranga. Scéalta greannmhara, suimiúla a bhí iontu!:
Tá an-taithí ag rang a dó a bheith ag éisteacht le ceol agus ag freagairt dó. D’éistíomar le Die Moldau le Smetana agus Morning Mood le hEdvard Grieg. An an am céanna, chruthaíomar lenár lámha.
Bímid ag comhaireamh i nGaeilge agus is féidir linn na huimhreacha a chur in ord. Is muidne na huimhreacha uaireanta!
Beidh Gaelscoil Riabhach ar oscailt do chuairteoirí/ tuismitheoirí gur mian leo an scoil a fheiceáil Dé Luain, 22 Mí na Samhna agus Dé Máirt, 23 Mí na Samhna, idir 4pm and 6pm. Más mian leat (agus le do pháiste) teacht ar cuairt déan do shonraí a chomhlíonadh thíos agus tabhair […]
Bhain Naíonáin Bheaga an-taitneamh as tús a chur le Aistear an tseachtain seo. Bhí siad an-ghnóthach ag obair sa bhialann.