Bhain foirne eitpheile na scoile páirt i gcomórtas eitpheile na Gaillimhe le déanaí. D’éirigh go hiontach acu – bhuaigh siad neart pointí agus cluichí agus ba bheag nach ndeachaigh siad tríd go dtí Craobh na hÉireann. Bhí cuid mhaith scoláirí Rang a 5 ann agus fuair siad taithí iontach a […]
Múinteoir Brian
Chuaigh muid amach le suirbhé a dhéanamh ar na plandaí a fhásann timpeall na scoile. Fuair muid a lán samplaí difriúla! Se díreach cuid acu – is iontach an rud go bhfuil a lán plandaí difriúla ann, cuireann sé go mór le bithéagsúlacht sa timpeallacht. Rachaidh muid amach níos déanaí […]
Tar éis ár mbua iontach le Reel Life Science, tháinig Raidió na Gaeltachta i dteagmháil chun labhairt linn! Seo agallamh a rinne muid leis an gclár Iris Aniar! https://www.rte.ie/radio/rnag/clips/22463068
Bhí Rang a 3 agus a 4 ag foghlaim faoi bhrú aeir san Eolaíocht agus rinne siad físeán faoin méid a d’fhoghlaim siad – is féidir leat féachaint ar thíos! Bain sult as!
Bhí muid ag foghlaim faoi ghraif i rith na seachtaine. Tugadh na sonraí seo do na páistí: i suirbhé, cuireadh ceist ar ghrúpa páistí cé na spóirt is fearr leo. D’fhreagair siad mar seo: Iománaíocht: 12, Sacar: 8, Cispheil: 2, Leadóg: 6, Eitpheil: 4. Ansin bhí ar na páistí graif […]
Chuaigh muid go dtí na cúirteanna leadóige i rith na seachtaine chun triail a bhaint as leadóg a imirt. Thaitin sé go mór le gach duine agus bhí an aimsir do-chreidte!
Bhí muid ag foghlaim faoinár gcuid ainmneacha agus an tábhacht a bhaineann le d’ainm. Tá muid ar fad bródúil as ár gcuid ainmneacha agus rinne muid ealaín bunaithe orthu. Ansin rinne muid bróidnéireacht ag úsáid snáthaid agus snáithín dár gceannlitreacha. Breathnaíonn siad go hálainn! Tá muid an-sásta lenár gcuid ceardaíochta!
Tá muid ar ais ar scoil agus ag súil le bliain iontach le chéile! Bí cinnte súil a choinneáil ar an mblag scoile. áit a fheicfidh tú cuid den obair iontach a bhíonn ar siúl i nGaelscoil Riabhach!
Bhí bliosta sacair ar siúl i mBaile Átha an Rí an tseachtain seo caite le gaelscoileanna eile oirthear na Gaillimhe páirteach ann. Lá álainn a bhí ann agus d’éirigh go rí-mhaith lenár bhfoirne! Tháinig na buachaillí sa tríú háit ina sraith, le dhá bhua iontach, ach faraor chaill siad amach […]