Tá ár gclub fichille tosaithe agus inniu, ghlac muid páirt san Uair Fichille chomh maith le beagnach 100 scoil eile timpeall na tíre! Tá gach duine ag foghlaim agus ag feabhsú leis an gcluiche iontach seo, le béim mhór ní hamháin ar scil imeartha ach freisin ar chothrom na féinne, […]
Múinteoir Brian
Fuair Rang a 6 nuacht iontach le déanaí gur bhuaigh muid an comórtas Reel Life Science – arís! Is comórtas é seo ina roghnaítear an scannán eolaíochta is fearr i measc iontrálaithe ó chuile cearn den tír. Seo é an tríú bliain as a chéile dúinn an chéad duais a […]
Tháinig foireann bhuacach Bhaile Locha Riach ar cuairt inniu agus corn an chontae leo! Fad is a bhí siad linn, bhain siad triail as Pioc is Poc, an cluiche nua traenála atá ar siúl againn sa Ghaelscoil lenár scileanna iománaíochta a fheabhsú. Seans go mbeidh cuid de na daltaí ag […]
Gach bliain déanann muid scannán lenár gcuid spéis san eolaíocht a léiriú, agus cuireann muid isteach i gcomórtas speisialta d’fhíseáin eolaíochta, Reel Life Science. I mbliana, is é An Fharraige Dhomhain an teideal ar ár bhfíseán, agus baineann sé leis an mbeatha iontach agus aisteach atá ag bun na farraige. […]
Bhí a lán imeachtaí suimiúla ar siúl ar scoil le haghaidh Seachtain Mata! Seo iad Rang a 6 ag foghlaim faoi chruthanna leis na táibléid scoile.
Ar mhaith leat triail a bhaint as ficheall a imirt? Beidh club fichille iarscoile ag tosú go luath – beidh M. Brian ag labhairt libh faoi cén chaoi páirt a ghlacadh!
Chuaigh Rang a 6 go dtí na cúirteanna leadóige áitiúla an tseachtain seo caite le haghaidh corpoideachas. Lá álainn a bhí ann agus bhí an-spórt againn! Is breá linn triail a bhaint as rudaí difriúla!
Ghlac muid páirt i mBliotsa Sacair an tseachtain seo caite le Gaelscoileanna eile sa cheantar. D’éirigh go rí-mhaith lenár bhfoirne agus bhí lá iontach againn! Míle buíochas le Coláiste an Eachréidh as an lá a eagrú.
Bhain foirne eitpheile na scoile páirt i gcomórtas eitpheile na Gaillimhe le déanaí. D’éirigh go hiontach acu – bhuaigh siad neart pointí agus cluichí agus ba bheag nach ndeachaigh siad tríd go dtí Craobh na hÉireann. Bhí cuid mhaith scoláirí Rang a 5 ann agus fuair siad taithí iontach a […]