Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Seachtain Mhata – Rang 3 agus 4

Bhí muid ag foghlaim faoi ghraif i rith na seachtaine. Tugadh na sonraí seo do na páistí: i suirbhé, cuireadh ceist ar ghrúpa páistí cé na spóirt is fearr leo. D’fhreagair siad mar seo:

Iománaíocht: 12, Sacar: 8, Cispheil: 2, Leadóg: 6, Eitpheil: 4.

Ansin bhí ar na páistí graif a chruthú lena rogha ábhar chun an t-eolas a léiriú. Féach céard a rinne siad!

(Bhí dúshlán breise tugtha do na grúpaí a bhain úsáid as na píosaí jenga – níor tugadh a ndóthain píosaí dóibh! An bhfeiceann tú cén chaoi ar sháraigh siad an fhadhb sin?!?)

Discover more from Gaelscoil Riabhach

Subscribe now to keep reading and get access to the full archive.

Continue reading