Tháinig iarscoláire dár gcuid chugainn inniu. Is é Ciagan Davoren captaen fhoireann eitpheile na hÉireann! Bhí an t-ádh dearg ar rang a ceathair ceacht eitpheile a dhéanamh leis agus go n-éirí go geal le Ciagan lena chuid eitpheile.
Daily Archives: April 8, 2022
Tá Aíonna Aibreáin ar siúl i nGaelscoil Riabhach i láthair na huaire. Labhair rang a cúig leis an Dr Pilib Ó Broin thar Zoom an tseachtain seo. Is léachtóir le bithfhaisnéisíocht in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é an Dr Pilib. Tá an-taithí aige agus bhí sé an-spéisiúil labhairt leis.
Mar chuid d’Aíonna Aibreáin i nGaelscoil Riabhach, tháinig an Dr Verena Commins ar cuairt go rang a sé an tseachtain seo. Is léachtóir staidéar ceoil na hÉireann í an Dr Verena agus tá an-taithí aici. Thug sí léacht cuimsitheach do rang a sé agus bhí go leor ceisteanna acu di […]
Tháinig iarscoláire dár gcuid ar cuairt chugainn an tseachtain seo agus nach orainn a bhí an t-ádh. Tháinig an file agus an mac léinn ollscoile Sadhbh Goodwin chuig rang a dó. D’inis Sadhbh don rang faoi filíocht agus chuir sé ceardlann ar fáil don rang. Bhain an rang an-spéis go […]
Chuaigh rang a dó sa tóir ar uibheacha Cásca inniu. Rang a dó went on an Easter egg hunt today. D’oibrigh na grúpaí thar cionn lena chéile. The groups worked wonderfully together.