Tháinig iarscoláire dár gcuid chugainn inniu. Is é Ciagan Davoren captaen fhoireann eitpheile na hÉireann! Bhí an t-ádh dearg ar rang a ceathair ceacht eitpheile a dhéanamh leis agus go n-éirí go geal le Ciagan lena chuid eitpheile.
Monthly Archives: April 2022
Tá Aíonna Aibreáin ar siúl i nGaelscoil Riabhach i láthair na huaire. Labhair rang a cúig leis an Dr Pilib Ó Broin thar Zoom an tseachtain seo. Is léachtóir le bithfhaisnéisíocht in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é an Dr Pilib. Tá an-taithí aige agus bhí sé an-spéisiúil labhairt leis.
Mar chuid d’Aíonna Aibreáin i nGaelscoil Riabhach, tháinig an Dr Verena Commins ar cuairt go rang a sé an tseachtain seo. Is léachtóir staidéar ceoil na hÉireann í an Dr Verena agus tá an-taithí aici. Thug sí léacht cuimsitheach do rang a sé agus bhí go leor ceisteanna acu di […]
Tháinig iarscoláire dár gcuid ar cuairt chugainn an tseachtain seo agus nach orainn a bhí an t-ádh. Tháinig an file agus an mac léinn ollscoile Sadhbh Goodwin chuig rang a dó. D’inis Sadhbh don rang faoi filíocht agus chuir sé ceardlann ar fáil don rang. Bhain an rang an-spéis go […]
Chuaigh rang a dó sa tóir ar uibheacha Cásca inniu. Rang a dó went on an Easter egg hunt today. D’oibrigh na grúpaí thar cionn lena chéile. The groups worked wonderfully together.
Léigh muid an leabhar An Bhó Riabhach chun foghlaim faoi laethanta an bhó riabhaigh atá ann an seachtain seo. Thóg muid spreagadh ón stíl ealaíon atá ann chun ár chleachtas phéint a fhorbairt go mbeadh sé níos teibí, níos spraíúl agus níos saoire. Bhaineamar an taitneamh as! Seo cúpla samplaí…