Seo an nuacht atá againn inniu. Inniu an 13 Feabhra 2012. Is lá séimh atá ann. Tá sé tirim agus tá an teocht ag 7° C ar an gclós. Níl mórán de ghaoth ann. Tá sí ag séideadh ag 5 míle/uair. Chun níos mó nuachta a léamh nó a scríobh […]
Yearly Archives: 2012
Rinne Rang 4 & 5 teisiliú le cruthanna inniu. Bhain an t-ealaíontóir M.S. Escher úsáid as teisiliú freisin! Féach ar na samplaí a rinneamar.. Ar éirigh linn teisiliú a dhéanamh le gach cruth?
Tá ag éirí thar cionn leis na beathadáin, agus inniu tháinig éan nua dúinn arís – Píobaire!(Siskin) Tá dathanna álainn orthu, mar a fheictear sa bpictiúir seo a ghlac muid ón bhfuinneog. Is breá linn freisin an pictiúir seo a ghlac muid an tseachtain seo caite, cúpla Lasair Choille ag […]
Fuair muid nuacht iontach an tseachtain seo caite – bhí Gaelscoil Riabhach ainmnithe i gcomhair duais sna Gradaim Oidhreachta Contae. Ba mhór an onóir don scoil é a bheith ainmnithe i measc grúpaí agus scoileanna ó cheann ceann an chontae. Fuair muid an t-aitheantas seo mar gheall ar an dráma […]
Mar gheall ar an aimsir fhuar tá muid cráite ag na héin ag teacht chugainn i rith an lae! Inniu tháinig éan nua mistéireach nach bhfuil aithne againn air go fóill. Cárta Glas d’éinne atá in ann é a ainmniú i gceart! (Téigh go http://www.birdwatchireland.ie chun liosta agus pictiúir d’éanlaith […]
Féach ar na pictiúir a ghlac muid – Look at the pictures we took of the birds outside our window! Tá na héin ag teacht chuile lá anois agus tá muid ag breacadh síos an t-am, an speiceas agus fiú an beathadán is fearr leo! Tagann na Corcráin Coille go […]
Bhreathnaigh muid ar Stair na scríbhneoireachta, agus chonaic muid an aibítir a úsáidtear don teanga Gréigis. Tá roinnt de na litreacha cosúil lenár gcuidse, ach tá roinnt eile difriúil ar fad. An féidir leat oibriú amach cé na focail (Gaeilge) seo, scríofa in Aibítir na Gréigise?