Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Na Gradaim Oidhreachta – County Heritage Awards

Fuair muid nuacht iontach an tseachtain seo caite – bhí Gaelscoil Riabhach ainmnithe i gcomhair duais sna Gradaim Oidhreachta Contae. Ba mhór an onóir don scoil é a bheith ainmnithe i measc grúpaí agus scoileanna ó cheann ceann an chontae. Fuair muid an t-aitheantas seo mar gheall ar an dráma “Brionglóid an Bhurcaigh” a scríobh muid agus a chuir muid ar siúl anuraidh i gcomhair Féile Raiftéirí, agus an tábhacht stairiúil a bhaineann le scéal Robert O’Hara Burke, an fear ar a bhfuil an dráma bunaithe.

Gaelscoil Riabhach were honoured to be nominated recently for the Galway County Heritage Awards for our play “Brionglóid an Bhurcaigh” which we produced last year for Féile Raiftéirí. The play was nominated as it was set in the Loughrea area in the 1820s, and based on Robert O’Hara Burke of St Clerins, Craughwell, who became the first man to cross the continent of Australia.

%d bloggers like this: