Yearly Archives: 2012
Míle buíochas do Ruairi agus Oisín a ghlac na pictiúir seo don bhfeachtas Greenwave. Síol froganna agus sabhaircíní atá iontu. Is i sléibhte Sliabh Eachtaí a ghlac siad na grianghraif. Téigí go http://www.greenwave.ie chun tuilleadh eolais a fháil. Anois i mí an Mhárta, bígí ag faire amach i gcomhair bachlóga […]
Bíonn beagnach an scoil ar fad ag scipeáil chuile lá ar an gclós. Bhí ár Scipeatán ar siúl ar an 29ú Feabhra. Bhí ar gach rang páirt a ghlacadh, bhailigh muid airgead do charthanachtagus lean páistí ar aghaidh ag scipeáil don lá ar fad! Éist leis an rím scipeála iontach […]
Inniu an Aoine, 24 Feabhra 2012. Lá fliuch séimh atá ann. Tá an teocht 9° Celsius ar an gclós ar maidin agus an ghaoth ag séideadh aduaidh ag 8 msu. An tseachtain seo chugainn beidh go leor imeachtaí ar siúl ar scoil. Ar an gCéadaoin beidh an Scipatón againn. Déardaoin […]
An tseachtain seo chaite cuireadh uibheacha toirchithe sa ghoradán scoile. Ní ithtear uibheacha mar seo, ithtear ubháin/ uibheacha nach bhfuil toircithe ag an gcoileach. Ar lá 1 tá sé deacair an siogót den shicín a fheiceáil ach ón 10ú lá ar aghaidh tá an sicín suthach éasca le feiceáil. Is […]
Rinne muid pictiúr speisialta don rang ar fad le haghaidh Lá an Chairdis. Tá gach duine sa bpictiúr, agus chabhraigh muid ar fad leis. Tá sé déanta suas de a lán leathanaigh A4. Ní dhéanann na píosaí beaga ciall ina n-aonair – caithfidh siad a bheith curtha le chéile. Bhí […]
Inniu an Mháirt, 21 Mí Feabhra 2012. Tá an teocht níos airde inniu ag 10 celsius mar go bhfuil an ghaoth níos éadroime. an tseachtain seo chugainn beidh scipatón againn ar Lá an Bhisigh. Is féidir níos mó nuachta a léamh thíos…..
Tá na hiarratais ar fad istigh don Chomórtas Bhuí. Cuireadh iad sa phost inniu agus beidh na buaiteoirí dhá roghnú lasmuigh den scoil. Tá muid an-bhródúil as an iarracht mhór a rinneadh. Maith sibh. Scríobhaigí bhur dtuairimí faoi na pictiúir gur fearr libh.
Bhí Lá Cairdeas ar siúl sa scoil le déanaí. Seo Rang a Sé i ndiaidh dóibh cairdeas a chur in iúl dá chéile. Maith Sibh!!