Tá neart imeachtaí ar siúl idir an seachtain seo agus an seachtain seo chugainn chun cheiliúradh a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla d’obair na scoile: Dé Céadoin/ Wednesday, 14 Márta, 1pm: Céilí Scoile (School Céilí Dance), Halla Temperence (Tugann muid cuireadh do thuismitheoirí a bheith i láthair ó 1 – 2pm. […]
Yearly Archives: 2012
D’fhoghlaim muid a lán faoi fhórsaí le déanaí. Rinne muid turgnamh le domhantarraingt, ag taispeáint go dtiteann rudaí ar an luas céanna, is cuma cén meáchan atá acu (mar a rinne Galileo fadó!) Ansin, bhí muid ag foghlaim faoi bhrú aeir. Nuair a shéideann tú trasna ar bharr píosa páipéir […]
Rinne muid staidéar ar an gCré-Umhaois (Bronze Age). D’úsáid siad potaí le haghaidh bia, uisce, agus chun luaithreach na marbh a choinneáil! Seo fíor-phota ón gCré-Umhaois. Agus seo roinnt de na cinn a rinne muid féin!
Tá neart oibre déanta againn chun ár gcuilt phíosála a dhéanamh don Mhórshiúil agus d’ár gcuairt ar Áras an Uachtaráin. Beidh pictiúir thuas go luath den chuilt chríochnaithe.
Tháinig cúig shicín amach ó na uibheacha aréir agus ceann eile i rith an lae inniu!! Faraor, tá ceann i ndiaidh teacht amach le cupla nóiméad anuas agus tá rud éicint cearr lena himlecán. Bhí muid ag caint leis an tréadlia agus ní cheaptar go mairfidh sé. Seo na hainmneacha […]
~Bíonn iománaíocht ag an bhfoireann scoile gach Máirt ag 8.10am!!! Maith sibh don fhoireann ar fad a bhí i láthair an tseachtain seo chaite agus feicfidh muid amárach sibh!!
Bhí Lá na Leabhar den scoth againn. Chuaigh cuid againn chuig an leabharlann agus mar iontas tugadh cuireadh dúinn dul go Hopes. Ní cosúil le monarchan Willly Wonka a bhí sé. Ní raibh oiread is Oompa Loompa amháin ag obair ann ach chonaic muid Rolla Éilbhéiseach (Swiss Roll) an-fhada!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!