Rinneamar staidéar ar shaol Pablo Picasso le déanaí, ceann de na healaíntóirí is cáiliúla ón Spáinn. Níl dabht ar bith ach go raibh bua na healaíne ar an bhfear sin! Bhaineamar féin triail as shárshaothar a dhéanamh – ag baint úsáid as stíl Phicasso.
Monthly Archives: May 2011
I gcuimhne ar Imelda Byrne O’Connor, a chailleadh i rith na deireadh seachtaine seo caite. Cuimhníonn muid ar a páistí Rachel, Kayla agus Daithí. Tá muid ar fad ag smaoineamh oraibh ag an am seo. Bhí Imelda mar dhuine de bhunaitheoirí Ghaelscoil Riabhach. Torraimh: Dignity, Sráid na Beairice, Baile Locha […]
Ar an Déardaoin bhí rang a 5 ag glacadh páirte sa gcomórtas “Bog Stop”. Is clár theilifíse “Quiz” é ar TG4 do dhaoine óga. Ghlac Amy, Eva, Clár, Breandán, Caoimhín agus Mylie páirt sna cluichí. Bhuaigh Eva, Breandán agus Mylie a gcluichí, mar sin bhuaigh muid 3 as 6! Rinne […]
Ar an gCéadaoin bhí lá Ceoil ag rang a 5 agus 6. Thóg a lán daoine uirlisí isteach. Bhí cláirseach (harp), boscaí ceoil, giotár leictreach agus a lán uirlisí eile ann! D’éist muid le stíleanna éagsúla ceoil agus d’fhoghlaim muid faoi na huirlisí éagsúla sa gceofhoireann (orchestra). Ag deireadh an lae bhí […]
Comhghairdeas le na himreoirí a bhí amuigh inniu in aghaidh Scoil Phádraig, Tuaim. Bhuadar le ardscór. Imreoir an chluiche: Eoin Mac Coinín. Feabhsóir is mó: Caoimhín Ó Cathain Mar gheall ar an mbua inniu tá foireann na scoile tríd go dtí Cluife Ceannais an Chontae (11 an taobh). Beidh an […]
Dhear na Naíonáin Bheaga leabhairíní bheaga le finnscéal áitiúil faoin Loch Riach. Ceist do na hardranganna: An bhfuil éinne ábalta aon mhiotas nó fhinnscéal a fháil faoin chaoi go bhfuair muid an Loch Riach?
Tháinig aoíanna ón gCumanna Luthchleas Gael ar chuairt chun na scoile inné. Labhraíodh linn mar gheall ar Fhéile na nGael a bhéas ag oscailt le paráid mhór Dé hAoine, 24 Meitheamh i mBaile Locha Riach. Beidh os cionn 88 foireann ó fud fad na tíre páirteach sna gcomórtas – cineál […]
Thóg na Naíonáin Bheaga griangraf inné d’uibheacha atá i ndiaidh oscailt sa ghairdín. Chonaic rang Múinteoir Brian féileachán sa ghairdín cupla seachtain ó shin agus caithfidh gur í a chuir na huibheacha ar an gcabáiste. Anois tá na huibheacha oscailte agus na péisteanna chabáiste ag ithe na duilleoige. Coinnígí súil […]