Brat Glas
Ghlac dalta sa scoil páirt in imeachtaí mar chuid de Lá na gCrann 2024. Cuireadh sceach gheal, rinneadh ealaíon le duilleoga feoite agus cuardaigh gach rang le haghaidh crann éagsúil ar ár gcosán Bhealach na mBeach.
Seo chugaibh an gearrliosta – gach rang chun 1,2,3 a roghnú. Roghnófar buaiteoir an tseachtain seo chugainn – míle buíochas do gach éinne a ghlac páirt sa gcomórtas. Beidh ceann eile againn an bhliain seo chugainn.
Don chéad uair i nGaelscoil Riabhach i bliana ghlac muid páirt i Seachtain na Rothar. Ar an gCéadaoin seo caite d’eagraíodh ‘Bus Rothaíochta’ inár bhailigh roinnt páistí, tuismitheoirí agus múinteoirí le chéile chun rothaíocht ar scoil. Tháinig an garda phobail chun tacaíocht a thabhairt linn agus d’eirigh le 25 duine […]
Lá an Domhain (Earth Day) a bhí ann inné. Lá grianmhar a bhí ann freisin. Leis na painéil gréine nua ag giniúint leitreacas dúinn bhí leath an leitreacais a bhí in úsáid againn ag teacht ó fhuinneamh na gréine. Cabhraíonn sé sin leis an domhain mar go bhfuil níos lú […]
Míle buíochas le Cian Ó Bairéad a chabhraigh le Rang Naoise fataí a chur. Is gá dúinn súil a choinneáil orthu, iad a uisceadh agus a lánú amach anseo
Déanann muid dearmad uaireanta go bhfuil an oiread sin dúlra thart timpeall orainn i mBaile Locha Riach. Chaith Rang Louise an mhaidin cois locha agus chonaic muid an oiread sin.