Ghlac muid páirt i mBliotsa Sacair an tseachtain seo caite le Gaelscoileanna eile sa cheantar. D’éirigh go rí-mhaith lenár bhfoirne agus bhí lá iontach againn! Míle buíochas le Coláiste an Eachréidh as an lá a eagrú.
Spórt
Bhain foirne eitpheile na scoile páirt i gcomórtas eitpheile na Gaillimhe le déanaí. D’éirigh go hiontach acu – bhuaigh siad neart pointí agus cluichí agus ba bheag nach ndeachaigh siad tríd go dtí Craobh na hÉireann. Bhí cuid mhaith scoláirí Rang a 5 ann agus fuair siad taithí iontach a […]
Táimid ag obair ar chothromaíochtaí beirte mar chuid de ghleacaíocht faoi láthair! We are working on our partner balances in gymnastics at the moment!
Bhí lá mór sa scoil inné agus Buaiteoirí an Chontae, Foireann Iománaíochta Sinsear an Bhaile i ndiaidh cuairt a thabhairt ar Ghaelscoil Riabhach. Ba fhir uaisle iad ar fad – ag labhairt leis na daltaí, ag spreagadh iad le hiomanaíocht a imirt agus ag síniú ‘chuile rud ó chamáin, go […]
Go n-eirí go geal le Baile Locha Riach sa chluiche ceannais an chontae ag an deireadh seachtaine! Ealaín déanta le Naíonáin Mhóra chun an cluiche seo a cheiliúradh!
Bhí an-lá go deo ag na páistí a rith ar son na scoile sna rásaí tras tíre sa Rinn Mhór le déanaí. Maith sibh ar fad!
Chuaigh muid go dtí na cúirteanna leadóige i rith na seachtaine chun triail a bhaint as leadóg a imirt. Thaitin sé go mór le gach duine agus bhí an aimsir do-chreidte!
Comhghairdeas ó chroí lenár bhfoireann lúthchleasaíochta a ghlac páirt sa Chomórtas Manning le déanaí. Tháinig foireann na gcailíní sa dara háit. Maith sibh ar fad!
Bhí bliosta sacair ar siúl i mBaile Átha an Rí an tseachtain seo caite le gaelscoileanna eile oirthear na Gaillimhe páirteach ann. Lá álainn a bhí ann agus d’éirigh go rí-mhaith lenár bhfoirne! Tháinig na buachaillí sa tríú háit ina sraith, le dhá bhua iontach, ach faraor chaill siad amach […]