Oifig
Bhí Tionól ag na meánranganna inniu agus bronnadh teastais ar na daltaí. B’iad a chomhscoláirí a mhol iad as Gaeilge a labhairt istigh sa scoil agus amuigh ag spraoi. Táimid an-bhródúil astu.
Aimsir álainn agus lá den scoth againn ag na ráis trastíre sa Rinn Mhór. Táimid an-sásta gur eirigh chomh maith sin lenár ndaltaí ar fad. Comhghairdeas faoi leith do bhuachaill amháin i Rang a 6 atá tríd go dtí na comórtais ceannais an tseachtain seo chugainn.
Mar chuid dár gclár Gaeilge i mbliana d’éisteamar le scéal faoi bhainis. Bhí an-suim ag na páistí sna comhráití a tháinig as an scéal sin – an raibh siadsan ag cúléisteacht riamh? An maith leo dul ag siopadóireacht chun éadaí nua a fháil? Bheartaigh mé ‘bainis’ a eagrú mar cheacht […]
Tá an scoil ar bís as brat gníomhach a thuilleadh arís. Seo blaiseadh de chuid de na rudaí gníomhacha a bhí eagraithe do Sheachtain Ghníomhach agus an Lá Spóirt – rásaí spraíúla, treodóireacht, preabchaisleáin, seachain an liathróid, iománaíocht agus drumadóireacht. Tá cúpla grianghraf ann freisin faoin obair chonchréiteach a bhíonn […]
Is féidir Leabhrán Eolais don scoilbhliain 2022/23 a léamh ag an nasc thíos: The Information Booklet for the 2022/23 school year can be accessed at the link below:
Mar chuid d’Aíonna Aibreáin i nGaelscoil Riabhach, tháinig an Dr Verena Commins ar cuairt go rang a sé an tseachtain seo. Is léachtóir staidéar ceoil na hÉireann í an Dr Verena agus tá an-taithí aici. Thug sí léacht cuimsitheach do rang a sé agus bhí go leor ceisteanna acu di […]
Is breá linn a bheith ag meascadh péinteanna i rang a dó agus tuigimid bundathanna agus dathanna tánaisteacha. Ar dtús báire, mheascamar péinteanna agus phéinteálamar leathanaigh A3 i gceacht ealaíne. Ansin, ghearramar amach ubhchruth d’ár n-aghaidheanna. We love to mix paints in second class and we understand primary and secondary […]