[media id=40 height=20] Bhí muid ag foghlaim faoin Ungáir – ceann de na tíortha ina bhfuil cairde Comenius againn. D’fhoghlaim muid faoi stair agus tíreolaíocht na tíre, agus faoi dhaoine cáiliúla ón Ungáir freisin. I measc na ndaoine ar a rinne muid staidéar bhí Ferenc Liszt, Béla Bartok, Zoltan Kodaly, […]
Comenius
leathanach próifíle Gaeilge/ Béarla Rang a Cúig agus Rang a Sé: Ní mór daoibh an nasc seo thuas a chliceáil agus an foirm atá air a líonadh. Scríobhann tú abairtí maithe do ‘chuile bhosca agus cuireann tú griangraf dod’ aghaidh leis ar bharr ar dheis. Molann muid gur chóir daoibh […]
Seo roinnt phictiúr de na gasúir sna scoileanna atá ceangailte linn don obair Comenius. Cén rudaí atá mar an gcéanna eadrainn agus cén rudaí atá difriúil?
Seo iad na pictiúir atá roghnaithe don chomórtas lógó Euroball. Beidh muid ag vótáil ar an Aoine!! Roghnaigh an ceann gur fearr leat!!
D’eagraigh muid an chéad taispeántas ealaíne don tionscnamh Comenius sa scoil an tseachtaine seo chaite agus roghnaigh muid cúig lógó don chomórtas idir na scoileanna. Beidh sé sin ar siúl an tseachtain seo chugainn.
Tá áthas an domhain ar Ghaelscoil Riabhach go bhfuil dhá sceal faighte againn a bhéas ag cur go mór lenár n-eiteas ilchreidmheach. Le bliain anuas bhí neart oibre ar siúl againn chun stádas Bhrat Buí a bhaint amach agus tá an nuacht tagtha chugainn go bhfuil an Brat le bronnadh […]
Chuaigh Múinteoir Pól chun na hÍsiltíre chun nascanna a chothú don scoil le scoileanna Eorpacha eile. Tá nasc tosnaithe againn le scoileanna i mBaile Átha Cliath, An Chróit, An Bhulgáir, An Tuirc, An Spáinn agus an Ungair. Beidh tuilleadh eolais agus beannachtaí ón ár gcairde nua le léamh ar an […]