Tá muid ag socrú ar ais ar scoil tar éis an briseadh. Baineann muid taitneamh as ár gcuid spraoi agus obair fresin. Tá sé go hálainn cairdeas a fheiceáil ag bláthú idir na bpáistí…
2025/2026
Le déanaí, bhí na páistí i rang a 5 ag foghlaim faoi fórsaí agus an t-arm ársa, an crann tabhaill. Ar dtús, dhear siad a gcrainn tabhaill fhéin. Chuir siad mórán obair isteach ina grúpaí agus ag an deireadh, bhí siad ar fad in ann crann tabhaill feidhmiúil a cruthú. […]
Bhí Rang a 6 agus na Naíonáin Bheaga ag léamh agus ag cur aithne ar a chéile sa leabharlann. Is léitheoirí iontacha iad na Naíonáin!
Tá muid ar bís faoin ár gáirdín beag nua. Anois is féidir linn siúl amach ár doras féin go dtí áit srianta sábháilte chun obair nó spraoi le chéile. Thapaigh muid an deis inniu faoin ngrian. Ag tnúth go mór leis an earrach!
Le déanaí, bhí na páistí i rang a 5 ag foghlaim faoi sholas. Chonaic muid go lúbann an tsolais nuair a théann sé tríd mheán atá tiubh cosúil le uisce. Chomh maith leis sin, fuair muid amach go bhfuil solas déanta as neart dathanna eile. Tá muid in ann na […]
Tá ár gclub fichille tosaithe agus inniu, ghlac muid páirt san Uair Fichille chomh maith le beagnach 100 scoil eile timpeall na tíre! Tá gach duine ag foghlaim agus ag feabhsú leis an gcluiche iontach seo, le béim mhór ní hamháin ar scil imeartha ach freisin ar chothrom na féinne, […]
Le haghaidh Seachtain na hEolaíochta bhí na páistí i rang a cúig ag foghlaim faoin gcnámharlach. Bhí ainmneacha na gcnámh á bhfoghlaim acu i rith na seachtaine agus ansin chun an t-eolas seo a dheimhniú, chruthaigh na páistí lámha tríd úsáid sreang, soip agus páipéar. Rinne siad sár jab leo […]