Is féidir Leabhrán Eolais don scoilbhliain 2022/23 a léamh ag an nasc thíos: The Information Booklet for the 2022/23 school year can be accessed at the link below:
2021/2022
Bhí an-lá go deo ag Rang a 3 ar ár dturas scoile i mbliana. Chaith muid lá iontach ag Derg Island Adventrue i Scairbh, Co. an Chláir. Ar dtús chuaigh muid amach ag cadhacáil ar an tSionann mhóir agus bhí an-craic againn ag déanamh bac-chursa agus puzail i ndiaidh sin. […]
Lá dhifriúl agus thar a bhí spéisiúl a bhí againn an Déardaoin seo caite. Shuigh M. Eilís síos agus mhúin na daltaí an rang 🙂 Bhí seans ag aon páist a bhí ag iarraidh ceacht a ullmhú agus a mhúnadh ar aon ábhair gur mian leo. Lá spraíúil, éagsúl a […]
Bhí an t-ádh dearg linn i Rang a 3 i mbliain mar bhí seans againn obair le ealaíontóir den scoth ab ainm Jojo Hynes (http://jojocollab.com/) mar cuid de ‘Teacher Artist Partnership’ leis an ionad oideachais i nGaillimh. Bhí ar múinteoir Eilís cúrsa cúig lá a dhéanamh chun bheith mar chuid […]
Bhí muid ag déanamh cruthanna deasa 3T ar scoil. Tá ciúb, ciúbóideach, pirimidí, priosmaí agus fiú octaihéadrán ann!
Tháinig iarscoláire dár gcuid chugainn inniu. Is é Ciagan Davoren captaen fhoireann eitpheile na hÉireann! Bhí an t-ádh dearg ar rang a ceathair ceacht eitpheile a dhéanamh leis agus go n-éirí go geal le Ciagan lena chuid eitpheile.
Tá Aíonna Aibreáin ar siúl i nGaelscoil Riabhach i láthair na huaire. Labhair rang a cúig leis an Dr Pilib Ó Broin thar Zoom an tseachtain seo. Is léachtóir le bithfhaisnéisíocht in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é an Dr Pilib. Tá an-taithí aige agus bhí sé an-spéisiúil labhairt leis.
Mar chuid d’Aíonna Aibreáin i nGaelscoil Riabhach, tháinig an Dr Verena Commins ar cuairt go rang a sé an tseachtain seo. Is léachtóir staidéar ceoil na hÉireann í an Dr Verena agus tá an-taithí aici. Thug sí léacht cuimsitheach do rang a sé agus bhí go leor ceisteanna acu di […]
Tháinig iarscoláire dár gcuid ar cuairt chugainn an tseachtain seo agus nach orainn a bhí an t-ádh. Tháinig an file agus an mac léinn ollscoile Sadhbh Goodwin chuig rang a dó. D’inis Sadhbh don rang faoi filíocht agus chuir sé ceardlann ar fáil don rang. Bhain an rang an-spéis go […]