2020/2021
Bhaineamar úsáid as an dea-aimsir inniu agus rinneamar tóraíocht ábhar agus cruthanna 2T agus 3T ar an gclós. Bhí ar na páistí teacht ar rudaí déanta as adhmad, miotal, plaisteach agus gloine, ábhair nádúrtha agus ábhair saorga, ábhair atá crua/bog, garbh/mín, láidir/lag, righin/solúbtha, teimhneach/trédhearcach agus dathúil/leamh. Tháinig siad ar go […]
An mhí seo táimid ag iarraidh ar theaghlaigh na scoile iarracht mhór a dhéanamh a bheith níos gníomhaí. Mar spreagadh tá dúshlán speisialta againn! Beidh duais chomórtha freisin do gach teaghlach a ghlacann páirt. Níl le déanamh ach do dhúshlán a chlárú ar an bhfoirm seo agus beidh muid i […]
Níor ghlac mé mórán grianghraf ó thángamar ar ais ar scoil i ndiaidh na Cásca ach seo blaiseadh beag de chuid den obair a bhí ar siúl againn le déanaí. Ina measc: drámaíocht taobh amuigh (bhain siad an-sult as!), pirimid an bhia san eolaíocht (d’fhoghlaimíomar go bhfuil leaganacha éagsúla ann […]
Le linn Seachtaine Glaise, rinneamar roinnt staidéir ar dhramhaíl agus na bealaí gur féidir linn an méid dramhaíola a chaithimid amach a laghdú trí athúsáid agus athchúrsáil. Mar chuid dá n-obair bhaile, d’fhiosraigh na páistí céard iad na táirgí sa chistin a thagann i bpacáistíocht gur féidir linn a athchúrsáil […]
Agus muid ag druidim deireadh dhá bhlian den choiste ghlas, shocraigh muid físeán ghearr a cur le chéile chun cúpla ceisteanna a fhreagairt: cé hiad an Coiste Glas? Agus céard a dhéanann siad?
Le tamall anuas tá muid ag foghlaim faoi bruascar agus dramhaíl. Mar chuid de sin d’fhoghlaimear faoi plaisteach agus an chaoi nach mbíonn sé ag lobhadh. Mar sin shocraigh muid scéal a scríobh (i mBéarla) faoi Frankie and forc plaisteach agus a saol aisteach. Seo cúpla sampla…
Bhíomar an-tógtha le stair na Lochlannaigh in Éireann agus an saol a bhí ag daoine ag an am. Rinneamar iarracht ár gcrannóga féin a cruthú lena córais simplí a bhí ann ag an am. D’úsaideamar meascán d’ábhair nádúrtha agus lámh déanta chun éifeacht dhifriúla a thríáil.
Siar i mí Mártá chuig muid ár bplandaí nua a fuair muid ón tionscadal Incredible Edibles. D’fhás muid na fataí agus na sútha talún ar an fhuinneog ar feadh tamall agus anois tá siad ag fás sa chlós. Tá muid ag tnúth go leor len iad a bhaint agus a […]