Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Rang a Trí

Níor ghlac mé mórán grianghraf ó thángamar ar ais ar scoil i ndiaidh na Cásca ach seo blaiseadh beag de chuid den obair a bhí ar siúl againn le déanaí. Ina measc: drámaíocht taobh amuigh (bhain siad an-sult as!), pirimid an bhia san eolaíocht (d’fhoghlaimíomar go bhfuil leaganacha éagsúla ann ach go molann an chomhairle is déanaí glasraí agus torthaí a bheith ag bun na pirimide), gleacaíocht agus cothromaíochta beirte gan teagmháil lámh nó aghaideanna róghar dá chéile, lusanna gréine a chur agus a fhás, agus tógáil san ealaín (nasctha le athruithe i dtithíocht thar am mar chuid de churaclam na staire).

I haven’t taken many photos since we came back to school after Easter but here’s a small taste of some of our recent work. These include: outdoor drama (they really enjoyed it!), the food pyramid in science (we learned that there are different versions but the latest advice suggests having vegetables and fruit at the bottom of the pyramid), gymnastics and pair balances (without touching hands or being face-to-face), planting and growing sunflowers, and construction as part of the art curriculum (linked with changes in housing over time as part of the history curriculum).

 

 

%d bloggers like this: