Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Seachtain Ghlas i Rang a Trí

Le linn Seachtaine Glaise, rinneamar roinnt staidéir ar dhramhaíl agus na bealaí gur féidir linn an méid dramhaíola a chaithimid amach a laghdú trí athúsáid agus athchúrsáil. Mar chuid dá n-obair bhaile, d’fhiosraigh na páistí céard iad na táirgí sa chistin a thagann i bpacáistíocht gur féidir linn a athchúrsáil agus na cinn nach féidir linn a athchúrsáil. D’fhoghlaim siad conas na siombailí cuí a aithint agus a thuiscint agus thugamar faoi deara go bhfuil táirgí ann a bhfuil meascán den dá rud ann – cuid de gur féidir leat a athchúrsáil agus cuid de nach féidir! Chomh maith leis sin, tá pacaistíocht ann, ar nós scannáin, a bhreathnaíonn an-chosúil le plaistigh eile ach nach bhfuil in-athchúrsáilte! Seo cuid den obair a chuir siad ar SeeSaw.

During Seachtain Ghlas, we learned about waste and looked at the ways in which we can reduce the amount of waste we throw away through re-use and recycling. As part of their homework, the children explored which products in the kitchen come in packaging that we can recycle and which ones do not. They learned how to recognise and understand the appropriate symbols and we noticed that there are products that have a combination of both – some that you can recycle and some that you cannot! Also, there is packaging, such as film, that looks very similar to other plastics but that is not recyclable! Here is some of the work the children put on SeeSaw.

%d bloggers like this: