Bhí Naí mhóra agus Rang a 1 ag bácáil san rang inné. Rinne siad buachaillíní sinséar! Bainigí triail as sa bhaile! Teastaíonn 12oz plúr, 4oz im, 4oz siúcra donn, ubh amháin agus 2 tspúnóg sinséar. Bainigí taitneamh as!
oifig
Gníomhachtaí – tá foghlam fuaimeanna na litreach níos tábhachtaí ná ainmneacha na litreach. Sna Naíonáin Bheaga foghlamaíonn na gasúir na litreacha, leis an bhfuaim agus an gníomh a bhaineann leis. Ní mór iad a cleachtadh go rialta sa mbaile agus labhairt leis an múinteoir má bhíonn fadhbh agaibh. The Actions […]
Éistigí anseo lenár bPodchraoladh Nollag! Nollaig Shona ó chuile dhuine i nGaelscoil Riabhach! [media id=4 height=20]
Inniu an lá is giorra den bhliain agus i ndiaidh inniu tosnóidh na laethanta ag éirí níos faide. Agus an ghriain ag éirí ar maidin tháinig daltaí ar scoil ina n-éadaí codlata.
Tá sé an-fhuar ar maidin, bhí sé -8 céim celsius i gcarr M.Brian! Ní théann éinne amach mar nach bhfuil aon áit gan sneachta ar an gclós. Malachaí, Rang 6
Tá Rang M. Brian ag déanamh oibre ar chruthanna 2T (2D shapes) faoi láthair. D’úsáid muid tangraim chun na cruthanna Nollag seo a dhéanamh. Céard a cheapann tú?
iHola a todos! Tá teanga nua á fhoghlaim ag páistí Rang III agus Rang IV – an Spáinnís! Go dtí seo, tá neart frásaí deasa, amhráin agus nathanna cainte ar eolas againn! Bígí ag foghlaim linn! iHasta luego! RIII / RIV – Los números: Uno, dos, tres, cuatro, cinco, seis, […]
Rinne muid an-staidéar go deo le deanaí ar shaol tragóideach Anne Frank. Rugadh an cailín deas seo sa Ghearmáin ach bhí uirthi éalú as an dtír sin díreach roimh tús an Dara Cogadh Domhanda. Chuaigh an clann uilig go dtí Amstardam na hÍsiltíre. Bhí ar Mhuintir Frank dul i bhfolach […]
Tá an-ealaín go deo déanta ag RIII agus RIV i mbliana. Tá muid ag úsáid a lán acmhainní difriúla agus ag baint sár-taitneamh as na ceachtanna uilig!
Last week we read a poem by Michael Rosen called “The End of The World”. We had to write a poem based on that for homework. Here is mine. Sometimes it looks as if it could be the end of the world. Global Warming Pollution Freak Weather Running out of […]