Inné chroch muid beathaitheoirí (feeders) do na héin. Taobh istigh de chupla nóiméid thuirling spideog ocrach chun bricfeasta a bheith aige.
oifig
Inniu tá muid ag tarraingt pictiúir do WEEE Ireland. Is comórtas postaeir atá ann. Tá na pictiúr faoi athchúrsáil cadhnraí. Ba chóir dúinn cadhnraí a chur sa mbosca speisialta gorm, agus ní sa mbosca bruscair. Tá scoláirí ó Ghairmscoil Naomh Bride ag teacht chun na postaeir a bhailiú. Le Breandán, R5
Bíonn corpoideachas ar siúl chuile Déardaoin sa Halla Temperence. Seo pictiúir de na ranganna Naíonán i mbun ghleacaiochta. Tá siad ag cleachtadh a scileanna sorcais – gluaiseacht mar ainmhithe, caitheamh mar jugglóirí agus rolláil mar cleasaí.
Tá muid ag cleachtadh le haghaidh an cór nollag. Tá ranganna Múinteoir Déaglan, Múinteoir Brian agus Múinteoir Adrian sa chór. LE AOIBHINN AGUS JOSHUA (Rang 4). NOLLAIG SHONA!
Tá Rang Múinteoir Marcus ag déanamh an obair faoi láthair. Rinne muid ár mbaile na cruth i mata agus breathnóireacht ar ealaín Pablo Picasso! Tar isteach chun brethnú ar ár obair!
Inné an Déardaoin. Chuaigh na Náionáin Bheaga ar bhus go dtí an halla. Rinne muid ár ngleacaíocht. Scríobh muid faoi ag am nuachta.
D’úsáid an rang Gaeilge ‘Scrabble as gaeilge’ le déanaí agus d’éirigh thar cionn leis – an-spraoi agus go leor foghlama. Riail: Muna bhfuil sé san fhocloir ní focal é. Evening classes ended with a fun game of scrabble – loads of fun and lots learned. Rule: If it’s not in […]