Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Dialann Anne Frank

Rinne muid an-staidéar go deo le deanaí ar shaol tragóideach Anne Frank. Rugadh an cailín deas seo sa Ghearmáin ach bhí uirthi éalú as an dtír sin díreach roimh tús an Dara Cogadh Domhanda. Chuaigh an clann uilig go dtí Amstardam na hÍsiltíre. Bhí ar Mhuintir Frank dul i bhfolach i bhfortheach rúnda in áras a chuideachta i gceantar Prinsengracht, Amstardam nuair a rinne na Naitsithe ionsaí ar an Ísiltír. Cailleadh Anne i mBergen-Belsen sa bhliain 1945.

Rinne muid staidéar ar ghriangrafanna atá ar fáil ó Mhúsaem Frank san Ísiltír, léigh muid sliocht nó dhó as Dialann Anne Frank agus chonaic muid fístéip bunaithe ar shaol Anne Frank. Ar dheis Dé go raibh a h-anam dilis.

%d bloggers like this: