Bhí cuairteoir speisialta againn cúpla seachtain ó shin, an t-amhránaí Pádraig Jack. Is as Árainn do Phádraig agus labhair sé linn faoina óige ar an oileán, faoina shaol mar cheoltóir agus faoi thábhacht na Gaeilge dó. Chas sé cúpla amhrán dúinn freisin agus thaitin sin go mór linn ar fad! […]
Monthly Archives: October 2026
Bhí an-chraic againn i seomra M. Eilís le déanaí. D’fhoghlaimear faoin Fómhair agus na athraithe sa nádúr. Bhain muid taitneamh as físeán de tinte ealaíona díbhealí san Ind. Rinnemear roinnt ealaíon a baineann le oíche shamhna. Dár ndóigh bhí go leor spraoi againn fresin!
Tá sár-obair ar siúl ag Rang a 5 agus iad ag foghlaim ceol ar an mbosca ceoil leis an gceoltóir iontach Anne Conroy Burke. Tháinig grúpa beag acu le chéile le ceol a sheinm ag am tionóil – rinne siad thar cionn!
Taispeántais bunaithe ar an bhfoghlaim a rinneamar ar Díbhealaí! Is é Díbhealaí (Féile na Soilse) ceann de na ceiliúradh is mó i bhféilire na Hiondúigh. Ceiliúrann Díbhealaí bua na maitheasa ar an olc agus bua an tsolais ar an dorchadas.
Bhí Rang a Sé ag foghlaim faoi bhia ar fud an domhain. D’fhoghlaim muid faoi na bianna éagsúla agus na miasa traidisiúnta i dtíortha éagsúla. Bhain muid an taitneamh as an tionscadal seo!
Deacair creidiúnt go bhfuil mí iomlán déanta againn i Rang Múinteoir Eilís. Tá muid ag socrú isteach go maith le chéile, ag foghlaim agus ag paint taitneanh as a bheith ar scoil le chéile 😀