Is breá linn ár halla spóirt, agus is breá linn eitpheil a imirt freisin! Fuair muid bronntanas de 10 liathróid eitpheile nua ó Volleyball Ireland agus bhí muid sona sásta triail a bhaint astu den chéad uair inniu. Míle buíochas as na liathróidí!
Monthly Archives: May 2021
To do chabhair uainn! We need your help! Chun an suirbhé a dhéanamh iarrtar ar thuismitheoirí súil a chaitheamh ar an trí cháipéas thíos agus ansin an suirbhé ghearr a dhéanamh trí chliceáil ar an nasc thíos futhu. To complete the survey parents are asked to look through the three […]
Táimid ag foghlaim faoi chén chaoi go gcúirfí Tuairisc le chéile sa mBéarla agus sa nGaeilge. D’fhoghlaim muid faoi na Seacht nÍontas an Domhain; na cinn Ársa, Nua-Aoiseach agus Nádúrtha. Rinne muid tuairisc ar na hAinmhithe atá i mbaol chomh maith.
Bhí muid ag foghlaim faoi meáchan agus bianna sláintiúla. Fuair muid oideas ó Nevin Maguire agus thriáil muid na Liathróidí Próitéine a dhéanamh ar scoil. Bhíodar an-bhlasta!
D’oibríomar an-chrua ar ár gcuid peannaireachta i rang a haon agus táimid thar a bheith bródúil as anois. Don taispeántas seo, mheascamar péinteanna chun cúlraí deasa a chruthú, ansin phéinteálamar litir an duine i bpéint dhubh. Ina dhiaidh sin, scríobhamar ar fad ceann de na nathanna cainte Gaeilge a d’fhoghlaimíomar […]
D’eistíomar le ‘Réaltín Réaltín’ ó Rockin’ the Classroom inár gceacht ceoil. Ansin, tharraingíomar ár réaltaí féin agus ghearramar amach iad. Labhraíomar lena chéile faoi mhianta ár gcroíthe: na rudaí is mó ar domhain atá uainn. Scríobhamar mianta ár gcroíthe istigh inár réaltaí. Sa cheacht ealaíne, mheascamar péint dhubh, péint ghorm […]
Inniu bhí na páistí ag obair i ngrúpaí beaga chun dul siar a dhéanamh ar na litreacha ar fad atá déanta againn i mbliana! Rinne siad póstaeir le pictiúir a thosnaíonn leis na litreacha éagsúla! Maith sibh Naíonáin Bheaga!