Bhí an-lá go deo againn i rang a haon i nGaelscoil Riabhach nuair a bhí an seó faisin ar siúl! Nach ealaíonta agus álainn iad na héadaí a cruthaíodh as dramhaíl!
Daily Archives: March 19, 2019
D’éirigh an-mhaith leis an siopa babhtála i rang a haon i mbliana. Míle buíochas leis na tuimitheoirí a sheol isteach go leor rudaí a díoladh sa siopa. Chuaigh gach páiste abhaile le rud éigin nua dóibh an lá sin agus ní raibh ar aon duine rud ar bith a cheannach […]
Is breá linn drámaíocht i rang a haon. Ar ndóigh, ní bhíonn an drámaíocht ar fad ar an stáitse! Chumamar carachtair le chéile i ngrúpaí beaga. Thugamar ainmneacha dár gcarachtair agus bhí sé suimiúil na tréithe ar fad a roghnú agus a scríobh thart timpeall orthu freisin. Táimid thar moladh […]
Mar chuid d’Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS), chuir rang a haon a gcláracha aislingí pearsanta féin le chéile. Bhí an-am againn ag roghnú pictiúir as irisleabhair, ag machnamh, ag tarraingt agus á gcur le chéile. B’fhéidir gur chabhraigh siad linn aithne níos fearr a chur orainn féin chomh maith! […]