Ghlac Naíonáin Bheaga páirt sa scipeatón an tseachtain seo chaite. Bhailigh muid thart ar €1700 le haghaidh fearas clóis nua. Bhí gach rang ag scipeáil ag amanna áirithe i rith an lae. Thaitin sé go mór le Naíonáin Bheaga foghlaim conas scipeáil. Rinne muid an-chuid chleachtadh chun fáil réidh don […]
Yearly Archives: 2018
Déanann Rang a hAon 10@10 go laethúil agus cabhraíonn sé go mór linn díriú isteach ar an bhfoghlaim don chuid eile den lá.
Bhí lá iontach againn i Rang 2 an Aoife seo caite! Thoaigh muid le foghlaim faoi innealtóireacht go ginearálta agus dearadh eitleáin ach go háraithe. Ansin rinneamar ár eitleáin pháipéar féin agus mhaisigh muid iad inár stíl phearsanta ? I ndiaidh sin bhí orainn dul amach sa chlós chun foghlaim […]
Tá páistí Rang a hAon chomh bródúil gur éirigh leo rith chomh fada le Páras mar chuid den Bhrat Gníomhach. 905km a ritheamar san iomlán! Mar cheiliúradh beag bhí croissants againn agus iad tuillte go maith acu. Bravo!
Mar chuid den obair i gcóir an brat gníomhach le déanaí thug Múinteoir Áine tasc dúinn rith go dtí an Bheirlín. Ní raibh orainn dul thar lear dár ndóigh ach rith timpeall an chlós uair amháin do gach km idir Baile Locha Riach agus Beirlín. Chríochnaigh muid ár 1,472 cuairt […]
D’fhoglaimíomar faoin tábhacht a bhaineann le hathchúrsáil agus le hathúsáid. Léigh cailín sa rang faoi shiopa babhtála agus í ag léamh ar scoil. Mar sin, thóg cuid againn rudaí nach raibh ag teastáil uainn a thuilleadh isteach ar scoil. Chuireamar ‘siopa’ ranga le chéile agus ar ndóigh, bhí siopadóirí den […]
Chun deireadh a chur le tréimhse ag foghlaim faoi cairdeas agus bulaíocht rinne muid roinnt drámaíocht chun chinntiú go raibh na téarmaí againn go daingean. Sa drámaíocht (agus teangacha) tá muid ag obair ar scéalta a thaispeáint trí pictiúrí reoite. Seo chugaibh cúpla sampla.
Tá muid tar éis an-chraic a bheith againn ag foghlaim damhsa i mí Eanáir. In ionad dul ag an halla uair amháin sa seachtain rinne muid cinneadh é a dhéanamh sa seomra ranga uair nó dhó chuile lá. Mar sin bhí muid thar a bheith gníomhach ag foghlaim dhá damhsa […]