Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Lá na n-eitleáin

Bhí lá iontach againn i Rang 2 an Aoife seo caite! Thoaigh muid le foghlaim faoi innealtóireacht go ginearálta agus dearadh eitleáin ach go háraithe. Ansin rinneamar ár eitleáin pháipéar féin agus mhaisigh muid iad inár stíl phearsanta ?

I ndiaidh sin bhí orainn dul amach sa chlós chun foghlaim faoin chaoi is fearr chun iad a chur ag eitilt agus faoin tionchar a bhí ag an ngaoth orthu.

  

I mata faoi láthair tá muid ag foghlaim faoi fad. Thapaigh muid an deis chun an clós a mharcáil amach i méadair.

Ní raibh fágtha ansin ach ár ndearadh a bhfeabhsú agus fáil amach céard iad a cinn a bhí go maith ag eitilt!

Scríobh muid síos ár trí iarrachtaí agus an ceann is faide. Ansin bhailigh muid sonraí an rang uilig agus thaispeáin muid ár bloc graf iad. D’eirigh i bhfad níos fearr linn ár mblocgraf féin a thuiscint ná na cinn sa leabhair mata!

Is féidir leat feiceáil go raibh muid níos fearr ná cheap ár múinteoir agus go mbeidh orainn níos mó ná 7m a mharcáil amach an céad uair eile!

%d bloggers like this: