Cúpla seachtain ó shin, ghlac Rang 4, 5 agus 6 páirt i gcluichí rugbaí cairdiúla. Rinne muid seisiúin traenála ar scoil chun na scileanna a fhoghlaim. Thaitin sé go mór le gach duine!
Yearly Archives: 2018
Bhí an-lá againn anseo i nGaelscoil Riabhach agus b’álainn an radharc na páistí a fheiceáil gléasta suas. Labhraíomar i mbeirteanna faoinár leabhair agus is dócha go bhfuilimid níos spreagtha fós ó thaobh na léitheoireachta de. Bhí sé go deas múinteoir a fheiceáil agus é gléasta suas freisin!
Bhain rang a trí agus naíonáin bheaga an-tairbhe agus an-taitneamh as seisiún léitheoireacht roinnte ar maidin. Bhí sé go hálainn iad a fheiceáil ag labhairt i nGaeilge, ag éisteacht lena chéile agus ag léiriú measa dá chéile. Bhí an comhoibriú eatarthu thar moladh beirte. Mo ghraidhin sibh!
Bhí oíche iontach ag beirt ón scoil istigh i nGaillimh ag bronnadh na gradam ón gComortas Scríobh Leabhar. Bhuaigh Chloe an comórtas ó Rang 4 agus bhailigh Leela an teastas i gcóir leabhar ranga ar son Rang 2. Bhain siad an taitneamh as an oíche a bhí lán le spraoi […]
Bhain Naíonáin Bheaga an-sult as Seachtain na Gaeilge! Ghlac siad páirt i dTráth na gCeist don chéad uair. Bhí siad iontach ag obair le chéile agus fuair gach duine duais beag ag an deireadh!
Is breá le rang a hAon bheith ag imirt cluichí lena chéile agus ag foghlaim Gaeilge ag an am céanna!
Tá muid ag baint an-taitneamh as Seachtain na Gaeilge i mbliana. Inné chuaigh Rang 2 ar cuairt ar Rang 1 agus bhaineamar an spórt as ceisteanna a freagrairt le chéile.
Tá an scoil ar fad ag fáil an aclaí na leathanta seo. Tá muid go léir ag glacadh páirt sa dúshlán ‘Rith Timpeall na hEorpa’. Tá gach rang ag rith an t-achar ó Gaelscoil Riabhach go príomhchathracha éagsúla san Eoraip. Bhí ar Naíonáin Bheaga 603km a rith chun Londan a […]