Bhí turas scoile den chéad scoth ag rang a trí. Chuamar go Baile Átha Cliath chuig Áras Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA www.imma.ie) agus ansin chuig zú Bhaile Átha Cliath (www.dublinzoo.ie). Bhí an-lá go deo againn!
Yearly Archives: 2018
Bhí an-spraoi againn an tseachtain seo caite le haghaidh Seachtain Gníomhach. Bhí an t-ádh dearg orainn leis an aimsir álainn! Bhí an-chuid gníomhaíochtaí éagsúla eagraithe do gach rang. Bhí Naíonáin Bheaga an-ghnóthach an tseachtain ar fad. Gach maidin rinneamar Zumba. Ag a deich a chlog rinneamar 10 ag a […]
Chun deireadh cheart a cur le Seachtain Gníomhach 2018 d’eagraíodh an comórtas mór tráthnóna Dé hAoine. Is cosúil gur tradisiún anois é an cogadh mór ‘Seachain an Liathróid’ idir na múinteoirí agus Rang 6. Cé go raibh sé thar a bheith iomaíoch buí sé thar a bheith spóirtiúl agus spraoíúl […]
Bhí lá iontach againn ar an Aoine ag ceiliúradh éagsúlacht sa phobal scoile. Tháinig thart ar 20 sean tuismitheoirí (agus sean aintín amháin!) ar cuairt chuig seomra rang 2. Chuir muid agallamh orthu faoin saol nuair a bhí siad óg agus saol ar scoil ach go hárraithe. Bhí freagraí thar […]
Tháinig garda Joe ó Chonamara ar cuairt chugainn an tseachtain seo caite. Labhair sé linn faoina phost agus bhí deis ag na gasúir glas láimhe a chur orthu féin.
Comhghairdeas don fhoireann lúthchleasaíochta a ghlac páirt sa chomórtas Manning ar an Mháirt. Bhí muid go léir fliuch báite ach bhain muid an-taitneamh as!
Tá muid ag foghlaim faoi sheans sa mhatamaitic. Rinne muid cúpla gníomhaíocht – ag caitheamh dísle, ag tarraingt cnaipe daite as mála agus ag caitheamh bonn airgid. Bhí na torthaí an-suimiúil! Rinne muid os cionn 700 caitheamh leis na boinn agus chríochnaigh sé suas an-ghar do 50/50! Chaith muid dísle […]
Tháinig Éamon Ó Cuív T.D. ar cuairt chugainn an tseachtain seo caite. Labhair sé linn faoina shaol mar theachta dála, faoin nGaeilge, faoina chuid scolaíochta féin, agus faoin mBreatimeacht fiú! Freisin, d’inis sé a lán scéalta dúinn faoina sheanathair Éamon De Valera – ag dul ar cuairt go dtí Áras […]
Chuir na gasúir síolta biolair an Luan seo caite agus féach orthu anois! Is féidir le síolta biolair fás gan ithir ach tá solas na gréine agus uisce ag teastáil uatha. Chuireamar na síolta in olann chadáis. Táimid ag súil go mór leis an mbiolar a chur inár gceapairí.