Ar an Aoine bhí cóisir píotsa againn mar gheall go bhfuil na tógálaithe tar éis tosnú ag obair ar ár SCOIL NUA. Tá muid ag siúl go mór lenár scoil nua. Théis an cóisir a bheith againn chuaigh muid amach ar an gclós le Rang a 4 agus bhí […]
Yearly Archives: 2017
Bhí an-lá ag naíonáin bheaga inniu! Chuamar ar cuairt go Rang 5 & 6 chun seó puipéad a fheiceáil. Thaitin sé go mór linn! Ansin bhí cóisir píotsa againn chun an scoil nua a cheiliúradh!
Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge bhí tráth na gceist ag na gasúir ar scoil inniu. Bhain siad an-taitneamh as.
Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge bhreathnaigh muid ar roinnt sheanfhocail i rang a hAon. Ansin shocraigh muid ár pictiúirí féin a tharraingt dóibh chun iad a léiriú . Roghnaigh chuile ghasúr seanfhocal amháin agus tharraing siad pictiúr dó. Is cinnte gur bhain siad taitneamh as a bheith ag éisteacht […]
Tá na gasúir an-gnóthach faoi láthair ag déanamh neart obair ar dheicheanna agus aonaid. Seo hiad ag obair lena chéile maidin inniu agus iad i mbun stáisiúin mata.
Is breá linn a bheith ag gléasadh suas do Lá na Leabhar! An féidir leat aon cheann de na carachtair seo a ainmniú?
A chairde, caithfidh mé a rá go ndearna rang a 1 an-iarracht i mbliana do Lá na Leabhar. Seo thíos roinnt pictiúirí dóibh.
Bhí lá álainn againn do Lá na Leabhar an Aoine seo chaite! Ghléasamar suas mar charachtair ó na leabhair is fearr linn. Tháinig rang Múinteoir Síle isteach chun leabhair a léamh dúinn agus léamar ár leabhair léitheoireachta dóibh!